Sa tsraith úrnua shuntasach An Brú Criú do TG4, táthar ag cur foireann le chéile chun dul i mbun láthair ghnóthach lóistín a bhainistiú i nDún na nGall fíorálainn ar feadh coicíse a bheidh lán d’aicsean an samhradh seo.
An óstach fiontrach, sóisialta tú? An oibríonn tú i dtionscal an fháilteachais? An mac léinn fáilteachais tú? An mbíonn tú ag brionglóideach faoi athrú gairme i dtreo an fháilteachais? Más ea, ba bhreá linn labhairt leat!
Is dúshlán ar leith é seo. Deichniúr a roghnófar chun tréimhse a chaitheamh i bhfeighil lóistín lánfheidhmeach i mí na Bealtaine. An mbeidh tú ar dhuine acu?
Beidh tú ag déanamh gach aon rud, ag tabhairt aire d’aíonna, ag cócaireacht, ag réiteach deochanna, agus ag eagrú imeachtaí. Ag deireadh na coicíse bronnfar Fostaí na Sraithe ar dhuine den fhoireann! Babhtálfaidh an duine seo héide foirne ar na héadaí samhraidh chun dul ar shaoire fhíorghalánta dá chuid féin!
Tá Adare Productions ag glacadh le hiarratais anois, tapaigh an deis!