Ambasadóirí #AndSheCycles ag dul i bhfeabhas ar an rásraon i mBaile Átha Cliath

Bhí lá lán fuinnimh agus foghlama ag ambasadóirí an fheachtais #AndSheCycles le déanaí agus iad faoi thraenáil ag an Veileadróm Sundrive i mBaile Átha Cliath. Tháinig daltaí ó St Joseph’s, an Ros, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon agus Coláiste Íosagáin i gCúil an tSúdaire, Contae Laoise le chéile chun taithí uathúil a fháil ar an raonrothaíocht i dtimpeallacht shábháilte spreagúil.

Le linn an tseisiúin, d’fhoghlaim na cailíní scileanna tábhachtacha maidir le láimhseáil rothar agus conas rothaíocht a dhéanamh go compordach ar an rásraon. Cuireadh béim ar fhéinmhuinín agus ar obair foirne, agus spreag na rannpháirtithe a chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin nua. Dúradh go raibh sé “mar aidhm ag an lá féinmheas, misneach agus grá don rothaíocht a chothú i dtimpeallacht dhearfach spraíúil,” agus is léir gur éirigh go hiontach leis sin.

Tá an clár #AndSheCycles dírithe ar níos mó cailíní a mhealladh i dtreo na rothaíochta, go háirithe mar bhealach chun dul ar scoil, agus ar an mbearna inscne sa réimse seo a laghdú. I rith na bliana, bhí na hambasadóirí ag reáchtáil feachtais ina scoileanna féin agus ina bpobail, ag spreagadh a bpiaraí chun páirt a ghlacadh.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt Bainisteoir Rannpháirteachais Rothaíocht Éireann, Paul Norton, “B’iontach an rud é na hambasadóirí #AndSheCycles a fheiceáil ó gach cearn den tír ag tabhairt faoi dhúshlán nua agus ag triail disciplíní éagsúla rothaíochta. Le tacaíocht agus treoir na gcóitseálaithe, rinne na cailíní dul chun cinn dochreidte ó scileanna bunúsacha go dtí muinín iomlán ar an raon.”

Dúirt sé freisin, “Ba léir an spraoi a bhí acu agus an tacaíocht a thug siad dá chéile. Tá súil agam go dtabharfaidh an taithí seo an misneach dóibh dul i mbun dúshlán nua amach anseo.”

Ghabh Scoileanna Glasa buíochas le Rothaíocht Éireann as a dtacaíocht leanúnach, agus is léir go bhfuil todhchaí gheal roimh chailíní na rothaíochta in Éirinn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.