100 leabhar Gaeilge le roinnt le léitheoirí óga le linn Sheachtain na Gaeilge 

‘Ní bhíonn sé róluath ná ródhéanach tú féin a thumadh i leabhar Gaeilge riamh.’ B’shin a dúirt Laureate na nÓg, Patricia Forde, agus í ag seoladh Léigh Leabhar Gaeilge, treoirleabhar léitheoireachta nua, le linn Sheachtain na Gaeilge. 

Is comhthogra é an treoirleabhar léitheoireachta seo idir Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge. I measc na leabhar atá ann tá leabhair chairtchláir agus pictiúrleabhair, neamhfhicsean agus cnuasaigh filíochta, greannáin agus ficsean do luathdhéagóirí, an bealach ar fad suas go ficsean d’aosaigh óga. Tá go leor eolais ar fáil san acmhainn spreagúil seo, le moltaí le haghaidh céad leabhar iontach as Gaeilge ar féidir le teaghlaigh agus grúpaí scoile taitneamh a bhaint astu. Tá cóipeanna den treoirleabhar ar fáil in 91 siopa leabhar agus 40 leabharlann ar fud na tíre agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce ar www.childrensbooksireland.ie agus www.loveleabhargaeilge.ie

Agus í ag labhairt faoin treoirleabhar, dúirt Forde, ‘Déanann Léigh Leabhar Gaeilge ceiliúradh ar shaibhreas agus cruthaitheacht na scéalaíochta as Gaeilge agus tá rud éigin ann do gach léitheoir óg. Bíodh siad ag labhairt Gaeilge sa bhaile nó ag foghlaim na teanga ar scoil, beidh an leabhrán seo ina chabhair dóibh. 

Le 100 leabhar ann, déanann an treoirleabhar seo ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar na healaíontóirí a chruthaíonn scéalta inár dteanga dhúchais le leabhair atá soléite agus, níos tábhachtaí fós, taitneamhach do léitheoirí de gach aois. Creidim go láidir gurb í an léitheoireacht ceann de na bealaí is fearr le muinín a thabhairt do dhaoine ina gcumas teanga – agus iad ag taisteal chuig áiteanna nua atá cruthaithe ag cuid de na scríbhneoirí is fearr ar oileán na hÉireann.’ 

Tá pacáiste speisialta ar fáil in éineacht leis an treoirleabhar nua freisin, Léigh Leabhar Gaeilge – Pacáiste Acmhainní, a fheidhmíonn in éineacht le deich leabhar ó Léigh Leabhar Gaeilge. Chruthaigh foireann Leabhair Pháistí Éireann na hacmhainní seo go speisialta don seomra ranga le haird a tharraingt ar leabhair iontacha as Gaeilge do léitheoirí óga. Tá an pacáiste acmhainní lán le ceisteanna agus gníomhaíochtaí a spreagfaidh daoine óga agus a chuirfidh beocht sna leabhair do gach léitheoir. 

Dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann, ‘Ní treoirleabhar amháin atá in Léigh Leabhar Gaeilge, ach treoir chun gnímh. Do Sheachtain na Gaeilge i mbliana, agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin ar ndóigh, táimid ag tabhairt cuireadh do léitheoirí óga iad féin a thumadh i dtaisce iontach na leabhar Gaeilge agus leabhar a aimsiú a spreagfaidh iad. Ó leabhair chairtchláir áille do na léitheoirí is lú chuig úrscéalta grafacha a tharraingeoidh aird na ndéagóirí, tá leabhar anseo a thaitneoidh le gach duine.’ 

Dúirt Edel Ní Chorráin, Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta & Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge: ‘Tá an-áthas orainn a bheith ag obair in éineacht le Leabhair Pháistí Éireann arís le réimse leathan na leabhar atá ar fáil ó fhoilsitheoirí na Gaeilge, do gach aois agus gach díol spéise, a thaispeáint. Is acmhainn iontach é an treoirleabhar do shiopaí leabhar agus leabharlanna, in éineacht le Léigh Leabhar Gaeilge Pacáiste Acmhainní, atá ar fáil do mhúinteoirí. Tugann na hacmhainní seo tacaíocht iontach dár dtogra Love Leabhar Gaeilge.’ 


Léigh Leabhar Gaeilge ar fáil i siopaí leabhar agus leabharlanna ar fud na tíre, le leagan ar féidir a íoslódáil ar www.childrensbooksireland.ie agus www.loveleabhargaeilge.ie.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.