Troid dheireanach Katie Taylor beartaithe do phríomhchathair na hÉireann

Cóilín Duffy 

Tá sé deimhnithe ag Katie Taylor go mbeidh a troid ghairmiúil dheireanach ar siúl i mBaile Átha Cliath an samhradh seo chugainn, agus í ag súil go fóill gur i bPáirc an Chrócaigh a tharlóidh an ócáid stairiúil.

D’fhógair an dornálaí as Bré go luath i mbliana gur 2026 an bhliain dheireanach dá gairmréim iontach, agus anois tá sí tar éis a dheimhniú go mbeidh an slán aici os comhair lucht leanúna na hÉireann. Cé nach bhfuil dáta ná comhrac fógartha go fóill, tá Iúil nó Lúnasa á lua mar an tréimhse is dóichí.

Ag labhairt di le RTÉ, dúirt Taylor gur mian léi deireadh a chur lena gairmréim ar thalamh dúchais. “Bhí turas dochreidte agam le fiche bliain anuas, idir bhuaicphointí agus ísleáin. Bhí sé i gcónaí i m’intinn deireadh a chur leis anseo in Éirinn,” ar sise. “Ba bhreá liom troid i mBaile Átha Cliath agus mo ghairmréim a chríochnú ansin.”

Tá Páirc an Chrócaigh ar bharr a mianliosta le blianta fada anuas, cé nár tháinig an aisling sin i gcrích go dtí seo. Má theipeann ar idirbheartaíocht le CLG, tá roghanna eile ar an mbord, ina measc Staid Aviva agus an 3Arena, áit ar throid Taylor cheana féin os comhair slua mór.

Ó thaobh na gcraobh de, meastar go bhfuil Taylor fós ina curadh domhanda gan chonspóid sa mheáchan éadrom-éadrom, cé gur ainmnigh an WBC í mar churadh ar sos  le déanaí. D’fhéadfadh Sandy Ryan, a bhuaigh an chraobh fholamh an deireadh seachtaine seo caite, nó Edith Soledad Matthysse, sealbhóir eatramhach an WBA, a bheith i measc na gcomhraiceoirí féideartha. Mar sin féin, tá seans ann go roghnóidh Taylor ainm mór eile le slua ollmhór a mhealladh má bhíonn Páirc an Chrócaigh i gceist.

Bhí Taylor le feiceáil go deireanach i mí Iúil seo caite nuair a ghnóthaigh sí trí bhua as a chéile ar Amanda Serrano i Nua-Eabhrac, ag coinneáil a craobhacha. Anois, agus í 39 bliain d’aois, tá sí ag ullmhú don ghníomh deireanach.

“Tá muintir na hÉireann iontach liom i gcónaí,” ar sí. “Thacaigh siad liom ó na Cluichí Oilimpeacha ar aghaidh. Ciallaíonn sé an oiread sin dom. Táim fíorbhuíoch agus bródúil as bheith Éireannach.”

Cibé áit a mbeidh an troid ar siúl, is cinnte go mbeidh sé ar cheann de na hócáidí spóirt is mó sa tír an samhradh seo.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.