Tá leathnú suntasach fógartha ag RTÉ ar a chlúdach spóirt trí Ghaeilge don bhliain 2026, agus cluichí sacair idirnáisiúnta á gcraoladh le trachtaireacht bheo Ghaeilge ar an teilifís agus ar Sheinnteoir RTÉ.
Cuirfear tús leis an leathnú seo Dé Sathairn seo chugainn le cluiche Chraobh na Sé Náisiún idir Sasana agus Éire, le trachtaireacht Ghaeilge ar fáil beo ar Sheinnteoir RTÉ agus ar Nuacht RTÉ. Beidh cluichí eile sa chomórtas le cloisteáil i nGaeilge chomh maith, lena n-áirítear Éire in aghaidh na Breataine Bhige ar an 6 Márta agus an Fhrainc in aghaidh Shasana ar an 14 Márta.
Mar a tuairiscíodh roimhe seo in An Páipéar, beidh dhá chluiche de chuid fhoireann na hÉireann i gCraobh Rugbaí na Sé Náisiún le trachtaireacht Ghaeilge, agus beidh dhá chluiche i gcraobh na mban ar fáil sa teanga freisin. Sasana in aghaidh na hÉireann ar an 11 Aibreán agus Éire in aghaidh na Breataine Bige ar an 9 Bealtaine.
Is i réimse an tsacair, áfach, atá an dul chun cinn is suntasaí le sonrú i mbliana. Beidh cluiche leathcheannais cáilithe Chorn an Domhain idir Poblacht na hÉireann agus an tSeicia i bPrág ar an 26 Márta le trachtaireacht Ghaeilge, chomh maith le cluichí baile na foirne i Sraith na Náisiún san fhómhar. Cuirfear cluichí idirnáisiúnta na mban ar fáil freisin, ag tosú leis an gcluiche cáilithe i gcoinne na Fraince ar an 3 Márta.
Beidh Garry Mac Donncha i gceannas ar an bhfoireann tráchtaireachta le hanailís, agus comhthráchtairí ar nós Coilm de Buitléar, Dheirbhile Nic a Bháird agus Charlie McGeever páirteach sna craoltaí éagsúla.
Dúirt Niamh Ní Churnáin, Ceannaire an Ghrúpa Gaeilge ag RTÉ, go bhfuil sé mar aidhm acu “na cuimhneacháin mhóra spóirt sin a chur ar fáil as Gaeilge mar chuid lárnach dár misean seirbhíse poiblí.”
Tá RTÉ ag cur leis an tseirbhís seo ó 2015 i leith, nuair a thosaigh siad ag craoladh chluichí ceannais peile agus iomána na hÉireann i nGaeilge. Meastar go mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar thart ar 35 imeacht spóirt i rith 2026, idir pheil, iománaíocht, camógaíocht, rugbaí agus sacar.
Is céim mhór chun cinn é seo do lucht leanúna spóirt agus don Ghaeilge araon, ag cinntiú go mbeidh cluichí móra idirnáisiúnta le feiceáil agus le cloisteáil trí mheán ár dteanga féin ar an ardán náisiúnta.