Tá móramh ollmhór arís léirithe i bpobalbhreith ar son neodracht an stáit a choinneáil, agus, go deimhin an uair seo, an prionsabal a scríobh isteach sa bhunreacht.
Dar leis an bpobalbhreith de chuid Ipsos a foilsíodh in The Irish Times tá 71% ar son neodracht a chur sa bhunreacht. Dá ndéanfaí sin bheadh saoránaigh in ann cás cúirte a thógáil in aghaidh aon rialtais a dhéanfadh beart a chuirfeadh isteach ar an neodracht, cosúil le plean an rialtais deireadh a chur leis an nglas triarach.
Faoi láthair ar ndóigh deir an rialtas go bhfuil siad ar son na neodrachta, in ainneoin páirt a ghlacadh sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin, agus in ainneoin na sraithe beartas atá déanta acu le cúrsaí cosanta na tíre seo a nascadh le ECAT.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!