Tá JUNIOR EUROVISION ar ais!  

An amhránaí den scoth thú? An bhfuil tú idir 9 agus 14 bliana d’aois? Bhuel, seo anois do sheans!

Tá TG4 agus Adare Productions ag lorg an deichniúir amhránaithe nó na ndeich ngrúpa óga is fearr in Éirinn le bheith linn sa stiúideo agus a thabharfaidh aghaidh ar a chéile féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision.

Is deis é seo, nach bhfaightear ach uair amháin sa saol, do dhuine óg nó do ghrúpa cumasach le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar leibhéal idirnáisiúnta.

Beidh na héisteachtaí ar siúl ar fud na tíre í mí an Mhárta 2026. As sin, roghnófar deichniúr chun teacht chuig an stiúideo agus dul san iomaíocht chun an duais mhór a bhuachan, deis canadh ar son na hÉireann i gcomórtas Eoraifís na nÓg.

Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Eoraifís na nÓg 2026. Bíonn breis agus 7.5 milliún duine ar fud na hEorpa ag féachaint ar an seó seo agus is iontach an rud é a bheith páirteach ann.  

Is féidir le daoine aonair, beirteanna agus grúpaí, ina bhfuil suas le seisear ar a mhéad, iarratas a dhéanamh, ní theastaíonn ach guth den scoth. Chun iarratas a dhéanamh, níl ort ach mír 40 soicind den iarratasóir ag canadh a sheoladh chugainn.

Déan iarratas anois ar www.tg4.ie/junioreurovision 

Nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn ar an uimhir 083 1322683 nó ar an ríomhphost: junioreurovision@adareproductions.ie

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.