Spéic na Girsí, caibidil 10.2

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Ré Ó Laighléis

Caibidil 10 (Cuid 2)
Oideachas

“Is mór agam an cheist, a dhuine uasail, agus ba chóir dom a fhógairt gur mór ar fad é mo mheas ar mhúinteoirí na tíre ar an uile leibhéal. Mar a d’aithneofá ar mo chaint, is maith mar a thuigim iad a bheith faoi shrian ag cúngacht chórais agus, is d’ainneoin iarrachtaí na múinteoirí ar méantóirí iad chomh maith, gur den chóras sin iad. Cuireadh tríd an gcóras iad ó thús go deireadh, agus fágadh rian an chórais orthu, idir mhaith agus olc. Ach, ar chúis amháin nó cúis eile, éiríonn leo a smaointeoireacht a fhorbairt ar bhealach a chuireann orthu idir mhúinteoireacht agus mheantóireacht a dhéanamh d’ainneoin an chúrsa, d’ainneoinn na cúngachta, d’ainneoin na Scolaíochta. Éacht ann féin, déarfá, agus is ea. Éacht! Samhlaigh an éacht oideachasúil a dhéanfaí, dá gcothófaí smaointeoireacht mar é i measc na múinteoirí nach meantóirí fós iad. Samhlaigh mar a bheadh dá mbeadh sé ina chloch ar a bpáidríní acu sna hinstitiúidí oideachais/traenála an cineál sin smaointeoireachta a chothú agus a bhéimniú. Samhlaigh an comhlíontas don fhoghlaimeoir. Samhlaigh an comhlíontas don múinteoir-meantóir féin. Samhlaigh an tairbhe don domhan mór thart orainn. Samhlaigh, samhlaigh, samhlaigh. Samhlaímis, agus ná rithimis ón gciall agus ón ngaois a chaithfidh gníomh an tsamhlaithe sin aníos chugainn i ngeall ar ár ndul ina mhuinín.

“Osclaímis ár meonta, mar mhúinteoirí, don smaointeoireacht oideachasúil nach ngéilleann do shrianta an chórais institiúdaithe. Cuirimis sinn féin, mar oidí, mar mheantóirí, ar an eolas faoi theoiriciúlacht leithéidí John Holt sna saothair ‘How Children Learn’ agus ‘How Children Fail’, Phádraig Mhic Piarais ina ‘Scríbhinní’ agus ‘The Murder Machine’, A.S. Neill sa saothar ‘Summerhill’, Mortimer Adler i ‘The Paedeia Proposal’ agus mórchuid eile – manglam teoiriciúlachta ag smaointeoirí a bhfuil a mbunúis fréamhaithe acu ina bpraiticiúlacht féin mar oidí agus mar mheantóirí den scoth. Agus bímis sásta a dhóthain agus dána a dhóthain agus uasal a dhόthain a bheith inár n-íolbhristeoirí neamhnáireacha mar iad i ngarraí mór tábhachtach an Oideachais.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.