Beidh Sean-Nós na Fearsaide 2026 ar siúl i mBéal Feirste ón 26 go dtí an 28 Feabhra, agus tá an tOireachtas ag obair i gcomhpháirt le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain arís i mbliana chun deireadh seachtaine speisialta a chur ar fáil do lucht leanúna na dtaibhealaíon traidisiúnta.
Tabharfar le chéile buaiteoirí Oireachtas na Samhna 2025 don ócáid mhór seo, ina measc Corn Uí Riada, Micheál Ó Confhaola; buaiteoir Shean-Nós na mBan, Clíona Ní Ghallachóir; agus buaiteoir Shean-Nós na bhFear, Stiofán Ó Cualáin. Beidh Joe Ó Dónaill, a bhain an príomhchomórtas scéalaíochta amach, agus Séamas Ó Donnghaile, buaiteoir an chomórtais cháilithe, páirteach chomh maith.
I measc na mbuaiteoirí eile a bheidh ar stáitse tá Becky Ní Éallaithe (Steip), Ray Mac Mánais (Amhrán Nuachumtha), Éabha Ní Mhonacháin (Corn Mháire Nic Dhonnchadha) agus Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail in éineacht le Róise Nic Corraidh (Lúibíní).
Beidh aíonna iomráiteacha ar nós Lillis Ó Laoire, Dhoimnic Mhac Giolla Bhríde agus Ghearóidín Bhreathnach i láthair, chomh maith le go leor eile. Reáchtálfar comórtais, ceardlanna agus léirithe éagsúla i rith na féile, le béim ar rannpháirtíocht daoine óga agus daoine fásta araon.
Tá tuilleadh eolais agus clár iomlán na féile ar fáil ar líne ar https://www.eventbrite.com/cc/sean-nos-na-fearsaide-2026-4813188