Tá scéim aitheantais do bhoird chontae de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha oscailte anois, agus tá Glór na nGael ag tabhairt cuireadh do bhoird chontae CLG ar fud na tíre clárú léi agus páirt ghníomhach a ghlacadh i gcur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an chontae.
Cuireadh tús leis an scéim ar bhonn piolótach anuraidh mar chuid d’iarracht leanúnach chun an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn i gcroílár obair CLG. D’éirigh thar barr leis an gcéad bhliain, agus bhain cúig bhord contae aitheantas oifigiúil amach mar gheall ar an obair fhiúntach a rinne siad chun feiceálacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú ina gcuid struchtúr agus gníomhaíochtaí.
Tá an scéim dírithe ar thacaíocht phraiticiúil agus treoir shoiléir a chur ar fáil do bhoird chontae ar mian leo cur le húsáid na Gaeilge ina gcuid obair laethúil. Tá clár struchtúrtha i gceist, bunaithe ar shé phríomhchatagóir: Struchtúr an Chontae; Feiceálacht na Gaeilge; Foghlaim na Gaeilge; Úsáid na Gaeilge; Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha; agus Marcanna Breise. Tríd an gcreatlach seo, spreagtar na boird chun pleanáil straitéiseach a dhéanamh don teanga, chun í a chur chun cinn go poiblí, agus chun deiseanna foghlama agus úsáide a chruthú do bhaill, d’oifigigh agus don phobal i gcoitinne.