
Beidh an scannán Gaeilge Báite le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 6 Márta 2026, agus é ar cheann de bhuaicimeachtaí Sheachtain na Gaeilge, an 1 go dtí an 17 Márta. Tar éis dó gradaim agus moladh critice a bhaint amach, tá an léiriú atmaisféarach seo ar tí teacht os comhair lucht féachana ar an scáileán mór ar fud na hÉireann.
Tá Báite suite i mí Mheán Fómhair 1975, agus leanann sé scéal mistéireach i mbaile beag Gaeltachta in iarthar na tíre. Nuair a aimsítear corp i loch saorga áitiúil, nochtar dúrún dúnmharaithe agus achrann teaghlaigh a chuireann cor sa saol ciúin pobail. De réir mar a thagann fírinne an ama a chuaigh thart chun cinn, feictear saol Peggy Casey ag titim as a chéile. Le tírdhreach álainn na Gaeltachta mar chúlra agus teannas leanúnach ag brú an scéil ar aghaidh, gealltar eispéireas cumhachtach scannánaíochta don lucht féachana.
Is é Ruán Magan a stiúir an scannán, agus is í Sheena Lambert a scríobh an script bunaithe ar a húrscéal The Lake. Danú Media a léirigh an saothar, leis na léiritheoirí Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady i gceannas. Tá léirithe cumhachtacha aisteoireachta le feiceáil ó Eleanor O’Brien agus Moe Dunford, in éineacht le Juliette Crosbie, Pádraig Ó Loingsigh agus Denis Conway.
Fuair Báite maoiniú ó Fhís Éireann, TG4 agus Coimisiún na Meán faoin scéim Cine4. Le déanaí bronnadh gradam IFTA ar an mbunscór ceoil, rud a threisíonn stádas an scannáin mar shaothar uaillmhianach Gaeilge.
Beidh an scannán á thaispeáint sna pictiúrlanna seo a leanas: Eye Cinema, Gaillimh; Omniplex, Bothar na Trá, Gaillimh; IMC Gaillimh; Lighthouse Cinema, Baile Átha Cliath; Irish Film Institute, Baile Átha Cliath; Movies @ Dundrum; Movies @ Gorey; Movies @ Swords; Movies @ The Square, Tamhlacht; IMC Dún Laoghaire; Cineworld Baile Átha Cliath; Omniplex, Mahon Point, Corcaigh; Arc Cinema, Corcaigh; Mayo Movie World, Caisleán an Bharraigh; Omniplex Kennedy, Béal Feirste; Omniplex Luimneach; Omniplex Sligeach; Arc Cinema, Inis; Movies @ Dún Garbhán; Century Cinemas, Leitir Ceanainn; Omniplex Doire; agus IMC Ceatharlach.
Le scéal láidir fréamhaithe in áit agus i gcarachtair é, agus le scannánaíocht shaibhir atmaisféarach, tá Báite ar tí dul i bhfeidhm ar lucht féachana na tíre nuair a thiocfaidh sé chuig na pictiúrlanna ón 6 Márta.