Peil, pobal agus paisean i gCorca Dhuibhne Dé Sathairn seo le Féile Pheile Phaidí Uí Shé

Cóilín Duffy

Beidh an Comórtas Peile Lidl Pháidí Uí Shé ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCorca Dhuibhne agus 21 fhoireann ó 15 chontae le teacht le chéile don 37ú féile pheile bhliantúil.

Beidh foirne ó Chorcaigh, Gaillimh, Ard Mhacha, Ros Comáin, Tír Eoghain, an Iarmhí, Luimneach, Ciarraí, Baile Átha Cliath, an Clár, Tiobraid Árann, Maigh Eo, an Longfort, an Mhí agus Lú páirteach sa chomórtas i mbliana, agus beidh na cluichí uilig ar siúl Dé Sathairn. San iomlán beidh 19 gcluiche á n-imirt i gcúig ionad éagsúla: i Líos Póil, i nGallarus, i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, i bPáirc Rugbaí an Mhuiríoch agus i bPáirc CLG Dhaingean Uí Chúis.

Laoch iomráiteach ba ea Páidí a ghnóthaigh 8 mbonn uile-Éireann. Bhunaigh sé an comórtas in 1989. Ó shin i leith tá sé ar cheann de na himeachtaí club is mó le rá sa tír. Meastar go bhfuil breis agus 23,000 imreoir, bainisteoir agus tacadóir tar éis freastal ar an bhféile ó cuireadh tús léi, rud a léiríonn an tionchar leanúnach atá aici ar pheil na gclubanna agus ar thurasóireacht na háite.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.