
Bhí mothúcháin mheasctha, bród, buíochas agus beagán neirbhíse, le brath ar ghlór Louise Ní Mhuircheartaigh agus í ag labhairt le An Páipéar faoin onóir mhór a bheith mar ábhar don sraith cháiliúil Laochra Gael Déardaoin seo chugainn.
“Is clár speisialta é do dhaoine speisialta,” a deir sí go macánta. “Ní bheinn ann murach an fhoireann a bhí mórthimpeall orm, mo chlann, mo chlub agus Ciarraí.”
Ag fás aníos bhí Laochra Gael ina ghnáthchuid den saol aici. Anois, is í féin atá faoi sholas na gceamaraí. Cé nár fhéach sí ar an gclár go fóill, admhaíonn sí go mbeidh sé “an-speisialta” dá muintir. “Táim beagán neirbhíseach, ach tá súil agam go mbeidh rudaí deasa le rá ag daoine,” ar sí le gáire ciúin.
Bhí bua chraobh na hÉireann i mí Lúnasa 2024 i bPáirc an Chrócaigh ina bhuaicphointe ar a haistear le Ciarraí. “Thóg sé blianta traenála, deora agus iarrachta an lá sin a bhaint amach,” a mhíníonn sí. “Chaill muid cluichí móra, ach b’fhiú fanacht leis an lá mór sin.” Dar léi, cuireann an clár deis ar fáil di féachaint siar agus a rá, “Rinne mé sin.”
Níorbh é an cinneadh éirí as peil idirchontae an ceann ba shimplí. D’admhaigh sí go raibh sé deacair cluichí na bliana seo caite a fheiceáil ón gclaí. “Bhí sé an-deacair, go háirithe nuair a smaoiním ar na blianta ar an mbus leis na cailíní agus an chraic.” Mar sin féin, tá sí cinnte gur chabhraigh bua 2024 léi síocháin a dhéanamh leis an gcinneadh. “Táim sásta gur chríochnaigh mé ar nóta chomh hard sin.”
Ó thaobh an chlub de, tá sí ar ais i ngeansaí Chorca Dhuibhne i mbliana tar éis bliain a ghlacadh saor ar chúiseanna pearsanta. “Bhí sé tábhachtach dom a bheith le mo mháthair nuair a bhí sí tinn. Ní fhaigheann tú an t-am sin ar ais.” Léiríonn sí buíochas don chlub as an tacaíocht a thug siad di. Anois, tá sí ag tnúth le filleadh ar an traenáil agus le hiarracht eile a dhéanamh craobh idirmheánach a bhaint amach. “Is aisling é mo chroí an club a thabhairt go Páirc an Chrócaigh.”
Ag breathnú chun cinn ar an tsraith nua agus ar na rialacha athraithe i bpeil na mban, tá sí dóchasach. Creideann sí go gcabhróidh na rialacha nua le níos mó fisiciúlachta agus soiléireachta a thabhairt don chluiche. “Bhíodh sé deacair uaireanta mar bhíodh cur chuige difriúil ag gach réiteoir. Tá súil agam go mbeidh comhsheasmhacht níos fearr anois.”
Ní féidir neamhaird a dhéanamh den tionchar atá ag rath na bhfoirne Gaeltachta ar an bpobal. Labhair sí le bród faoin atmaisféar i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhí an Ghaeilge le cloisteáil timpeall na páirce agus geansaithe na Gaeltachta le feiceáil ar an ngort agus craobhacha na hÉireann á bhuacaint ag an nGaeltacht agus Daingean Uí Chúis le deanaí.
Spreagann sé an chéad ghlúin eile. Tá sé go hálainn an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil ar an ardán is mó.”
Is léir gur laoch í Louise ní hamháin ar an bpáirc ach mar eiseamláir don phobal. Beidh sí le feiceáil ar Laochra Gael ar TG4 ag 9.30 oíche Déardaoin an 5 Márta.