Ó Ghaillimh go Cortina, scéal na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh

Anabelle Zurbay agus Cormac Comerford.
Grianghraif: David Fitzgerald/Sportsfile

Tá súile lucht spóirt na hÉireann ar an Iodáil an tseachtain seo, agus na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh in Milano Cortina ag tosú inniu, Dé hAoine an 6 Feabhra. Beidh ceathrar lúthchleasaithe ag caitheamh glas, bán agus oráiste ar ardán an domhain, agus ionadaíocht láidir á déanamh acu ar son na tíre seo san Iodáil.

Is é an sciálaí trastíre Thomas Maloney Westgaard an ball is mó taithí ar an bhfoireann, agus é ag glacadh páirte sna cluichí geimhridh den tríú huair dó. Beidh sé san iomaíocht sa skí-atlan agus sa rás clasaiceach 50km. Ina theannta sin, beidh an déagóir óg Anabelle Zurbay ag tabhairt faoi na comórtais slalom agus giant slalóm, agus gaisce á dhéanamh aici mar an lúthchleasaí is óige riamh sa sciáil Alpach don tír.

Déanfaidh Cormac Comerford ionadaíocht i roinnt disciplíní Alpacha, agus beidh Ben Lynch sa leathphíobán sa sciáil shaorstíle. Dúirt ceannasaí na foirne, Nancy Chillingworth, go léiríonn an fhoireann “dul chun cinn agus caighdeán eisceachtúil i spórt an gheimhridh in Éirinn”.

Beidh clúdach fairsing ar fáil ar Seinnteoir RTÉ, le breis agus 40 uair an chloig de chraoladh beo, chomh maith le buaicphointí gach oíche. Deis iontach is ea é seo do lucht leanúna in Éirinn tacú lena laochra a fheiceáil ag déanamh gaisce ar shléibhte na hIodáile.

Scéideal Craolta (Seinnteoir RTÉ)

6 Feabhra: Searmanas Oscailte, Milano – Cainéal Nuachta RTÉ agus Seinnteoir RTÉ, 18.55–21.30

7 Feabhra: Cormac Comerford (Sciáil le fána), Bormio – 11.20–12.55

8 Feabhra: Thomas Maloney Westgård (Scí-atlon 10km+10km), Predazzo – 11.20–12.55

11 Feabhra: Cormac Comerford (Sár-G), Bormio – 10.20–12.45

13 Feabhra: Thomas Maloney Westgård (10km Saor), Predazzo – 10.35–12.45

14 Feabhra: Cormac Comerford (Slalóm Mór), Bormio – 08.50–11.05 & 12.20–14.10

15 Feabhra: Anabelle Zurbay (Slalóm Mór), Cortina – 08.50–11.05 & 12.20–14.10

16 Feabhra: Cormac Comerford (Slalóm), Bormio – 08.50–11.05 & 12.20–14.10

18 Feabhra: Anabelle Zurbay (Slalóm R1 & R2), Cortina –, 08.50–11.05 & 12.20–14.10

19 Feabhra: Ben Lynch (cáiliú don Leathphíobán), Livigno – 09.25–11.30

20 Feabhra: Ben Lynch (cluiche ceannais an Leathphíobáin), Livigno – 09.25–11.30

21 Feabhra: Thomas Maloney Westgård (50km Clasaiceach), Predazzo – 09.50–13.00

22 Feabhra: Searmanas Dúnta, Verona – 18.45–22.00

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.