Cuireann na focail seo a leanas séimhiú ar na focail a leanann iad, más féidir:
Réamhfhocail áirithe:
| ar | bhí áthas ar Phó |
| de | fiafraigh de Chaoimhín |
| do | tabhair an t-airgead do Mháire |
| faoi | faoi sholas na gréine |
| ó | ó thír iasachta |
| trí | tá an teach trí thine |
| roimh | tá sé béasach fáilte a chur roimh dhuine |
Na réamhfhocail de, do agus i agus an t-alt (den, don, sa):
- tóg an pictiúr den bhalla
- thug mé mo leabhar don mhúinteoir
- tá na hearraí sa mhála
- Na haidiachtaí sealbhacha mo, do agus a fireann:
- mo mhúinteoir
- do theach
- seo é Seán agus a mháthair
Na uimhreacha 1-6, 11-16, 21-26 etc:
- aon bhád amháin (ach is féidir “bád amháin” a rá freisin)
- dhá theach déag
- trí charr is fiche
- ceithre chathaoir is tríocha
- cúig bhosca is daichead
- sé phíosa is caoga
Nuair a…:
- nuair a théim a luí san oíche
Má:
- má oibríonn tú go crua éireoidh leat
Réimíreanna:
| ró | tá sé róbheag le dul ar scoil |
| an | ta an t-uan ag éirí an-mhór |
An tseachtain seo chugainn breathnóimid ar eisceachtaí leis na rialacha seo.
Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní:
- Bhí imní ar (Síle) mar bhí sé ag éirí an-(mall).
- Ní féidir liom dul mar níl aon (carr) agam.
- Tá an aimsir an-(fliuch) le tamall.
- An bhfuil do thuismitheoirí sa (baile)?
- Ar chuala tú faoi (Pól)?
- D’éalaigh an gadaí ó (príosún).
- Níl mé ró-(dona) ag an mata.
- Beidh áthar ar (Pádraig) nuair a (beidh) cead aige dul abhaile.
- Tá mo (daidí) ag caint le mo (múinteoir) agus níl cuma ró-(sásta) air!
- Tá ceithre (seomra) leapa sa (bungaló).
- Tá tuirse ar (Fiachra) mar tá sé ina (seasamh) taobh thiar den (cuntar) an lár ar fad.
Freagraí
- Bhí imní ar Shíle mar bhí sé ag éirí an-mhall
- Ní féidir liom dul mar níl aon charr agam.
- Tá an aimsir an-fhliuch le tamall.
- An bhfuil do thuismitheoirí sa bhaile?
- Ar chuala tú faoi Phól?
- D’éalaigh an gadaí ó phríosún.
- Níl mé ró-dhona ag an mata.
- Beidh áthar ar Phádraig nuair a bheidh cead aige dul abhaile.
- Tá mo dhaidí ag caint le mo mhúinteoir agus níl cuma ró-shásta air!
- Tá ceithre sheomra leapa sa bhungaló.
- Tá tuirse ar Fhiachra mar tá sé ina sheasamh taobh thiar den chuntar an lár ar fad.