Mír ghramadaí: na haidiachta sealbhacha

Domhnall Mac Concharraige

Cuireann na haidiachtaí sealbhacha in iúl cé atá i seilbh ruda. Tá rialacha éagsúla ag baint leis na haidiachtaí sealbhacha ag brath ar phearsa, uimhir agus cé acu consan nó guta atá ag tús an fhocail a leanann iad. Tá achoimre ar chuid de na rialacha thíos anseo.

Seo iad na haidiachtaí sealbhacha roimh chonsan:

Uathu

  • mo + séimhiú mo gheansaí, mo theach, mo charr
  • do + séimhiú do gheansaí, do theach, do charr
  • a (fireann) + séimhiú a gheansaí, a theach, a charr
  • a (baineann) – a geansaí, a teach, a carr

Iolra

  • ár + urú ár ngeansaí, ár dteach, ár gcarr
  • bhur + urú bhur ngeansaí, bhur dteach, bhur gcarr
  • a + urú a ngeansaí, a dteach, a gcarr

Seo na haidiachtaí sealbhacha roimh ghuta:

Uathu

  • mo m’athair, m’úll, m’éadaí
  • do d’athair, d’úll, d’éadaí
  • a (fireann) a athair, a úll, a éadaí
  • a (baineann) +h a hathair, a húll, a héadaí

Iolra

  • ár + n- ár n-athair, ár n-úll, ár n-éadaí
  • bhur + n- bhur n-athair, bhur n-úll, bhur n-éadaí
  • a + n- a n-athair, a n-úll, a n-éadaí

Athscríobh na habairtí seo gan lúibíní:

  1. Tháinig mo (deartháir) abhaile aréir.
  2. Thug Seán a (carr) ar iasacht dom.
  3. Dúirt a (máthair) léi nach raibh cead aici dul amach.
  4. Chailleamar ár (cluiche) inné.
  5. An bhfuil do (cara) ag teacht?
  6. D’iarr mé oraibh bhur (bróga) a bhaint díobh.
  7. Shocraigh siad a (bia) a roinnt le chéile.
  8. Scríobh (do) (ainm) ar an bhfoirm.
  9. Íosfaidh mé (mo) (úll) níos déanaí.
  10. Deir sí go mbeidh a (athair) sa bhaile.
  11. Caitheann Pól a (airgead) go léir ar éadaí.
  12. Chuala mé ár (amhrán) ar an raidió inniu.
  13. Thóg na hiascairí a (eangach).
  14. Ar thóg an freastalaí ár (ordú) fós?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.