Mír ghramadaí: má agus dá, cuid 2

Domhnall Mac Concharraige

An tseachtain seo táimid ag breathnú ar na rialacha a bhaineann le . Chonaiceamar an tseachtain seo caite go mbaintear úsáid as chun coinníoll cinnte a chur in iúl. Úsáidtear , áfach, chun coinníoll éiginnte a chur in iúl. Úsáidtear an modh coinníollach agus an foshuiteach caite le , agus cuireann sé urú ar an mbriathar más féidir, agus cuireann sé n- roimh ghuta. Féach na samplaí seo:

  • Dá mbeadh go leor airgid agam cheannóinn carr nua
  • Dá n-éireofá níos luaithe bheifeá ag an oifig in am
  • Dá n-éistfeadh sí lena máthair ní bheadh an fhadhb sin aici anois
  • Dá rachaimis le chéile thiocfadh linn praghas níos fearr a fháil
  • Dá ndúnfadh siad an doras ní thiocfadh an cat isteach
  • Dá labharfá léi thuigfeadh sí

Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní

  1. Dá (scóráil) sí an cúilín sin (bain) siad an cluiche.
  2. Dá (las, tú) an solas (féach tú) an leabhar ar an tábla.
  3. Dá (buail) sé an garda (bí) sé i dtrioblóid mhór.
  4. Dá (déan) sí staidéar (faigh) sí marc níos fearr.
  5. Dá (díol) siad an fheirm (bí) siad in ann dul ar scor.
  6. Dá (fan, tú) i do thost ní (clois) sé thú!
  7. Dá (feic) siad an prácás (bí) fearg orthu.
  8. Dá (tabhair) sé an nuachtán di (léigh) sí an t-alt.
  9. Dá (tar, tú) liomsa ní (bí) ort brón.
  10. Dá (glan, tú) an carr (bí) sé níos fusa a dhíol.
  11. Dá (téigh, muid) níos luaithe (feic, muid) tús an dráma.
  12. Dá (léigh, tú) na treoracha (críochnaigh, tú) é níos luaithe ná mar a chríochnaigh.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.