Mír ghramadaí: An aidiacht shealbhach 2, le réamhfhocail

Domhnall Mac Concharraige

Ceanglaíonn an réamhfhocal i leis an aidiacht shealbhach mar seo a leanas:

  • Táim i mo chónaí Táim i mo shuí/sheasamh
  • Tá tú i do chónaí Tá tú i do shuí/sheasamh
  • Tá sé ina chónaí Tá sé ina shuí/sheasamh
  • Tá sí ina cónaí Tá sí ina suí/seasamh
  • Táimid inár gcónaí Táimid inár suí/seasamh
  • Tá sibh in bhur gcónaí Tá sibh in bhur suí/seasamh

Ceanglaíonn na réamhfhocail le agus do leis an aidiacht shealbhach mar seo a leanas:

  • le mo chara do mo chara
  • le do chara do do chara
  • lena chara dá chara
  • lena cara dá cara
  • lenár gcairde dár gcairde
  • le bhur gcairde do bhur gcairde
  • lena gcairde dá gcairde

Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní

  1. Tá Pádraig ina (cónaí) i dTrá Lí.
  2. Bhí sí fuar mar bhí sí ina (seasamh) taobh amuigh.
  3. Táim i mo (suí) os comhair na teilifíse.
  4. An bhfuil sibh in bhur (seasamh) ansin fós?
  5. Tá siad ina (cónaí) faoin tuath anois.
  6. Tá an fear bocht ina (suí) ar thaobh na sráide.
  7. Bhí mé i mo (seasamh) ag fanacht leis an mbus.
  8. Bhí brón ar Shíle mar d’imigh a cara Pól agus tá seisean ina (cónaí) i Sasana anois.
  9. Nuair a bhí mé óg bhíomar inár (cónaí) ar fheirm.
  10. Ta Seán ag caint lena (cara).
  11. Thug na cailíní bronntanas dá (col ceathrar).
  12. Tá Pól agus Éamonn ag teacht chuig an gcóisir lena (cara).
  13. Is maith le mo (cara) scannáin, agus táimid ag dul go dtí an phictiúrlann.
  14. Beidh Seán ag caint lena (múinteoir) sa rang inniu.
  15. Thug sí an cárta dá (deartháir) nuair a bhí a bhreitlá ann.
  16. D’inis sé dá (máthair) faoin timpiste.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.