Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

San alt seo foghlaimeoimid faoi dhán thar a bheith spéisiúil a scríobhadh os cionn míle dhá chéad bliain ó shin.
Scríobhadh an dán Pangur Bán nó Messe ocus Pangur Bán (mise agus Pangur Bán) sa tSean-Ghaeilge. Manach Éireannach a scríobh é i mainistir sa Ghearmáin sa 9ú haois, is dócha, faoina chat, Pangur Bán. Tá 8 véarsa ann. Níl ainm an mhanaigh a scríobh an dán againn go cinnte, agus nílimid cinnte céard go díreach is brí leis an bhfocal “pangur”, ach tá teoiricí éagsúla ann.
Tá an dán le fáil i lámhscríbhinn dar teideal Bunleabhar Reichenau, ó Mhainistir Reichenau. Tá ábhair eile sa lámhscríbhinn, nótaí gramadaí Laidne agus Gréagaise, nótaí mínithe sa tSean-Ghearmáinis, táblaí réalteolaíocha dánta Gaeilge eile. Mar sin ceaptar gur saghas leabhar nótaí mic léinn é.
Is dán álainn é Pangur Bán, ina gcuireann file síos air féin agus ar a chat, an bheirt acu i mbun oibre ar a gceird féin faoi leith, “eisean de shíor ag seilg luch, mise ag lorg eolais”. Deir an file go gcuireann sé gliondar croí ar Phangur Bán nuair a fhaigheann sé greim ar luch agus go mbíonn sé féin sásta agus é i mbun scríbhneoireachta.
Tá ceithre líne i ngach véarsa. Sa chéad dá líne bíonn cur síos ar obair Phangur, agus sa dara líne dheireanach bíonn cur síos ar obair an fhile.
Timpeall an ama chéanna sa naoú céad scríobh Impire Uda na Seapáine ina dhialann faoina chat féin freisin. Deir sé go mbíonn an cat i mbun seilge, agus i ráiteas álainn deir sé cé gur créatúr beag é is mór a ghrá dó!
Ceisteanna buntuisceana
- Cathain a mheastar ar scríobhadh an dán?
- Cén áit a scríobhadh é?
- Cén saghas duine a scríobh é?
- Cén teanga a bhfuil an dán scríofa inti?
- Céard eile atá sa lámhscríbhinn ina bhfuil an dán?
- Céard a gcuireann an dán síos air?
- Cé mhéad véarsa atá ann?
- Féach an t-alt deireanach agus léigh an píosa a scríobh Impire na Seapáine faoina chat féin. Meas tú cén fáth a scríobhann daoine faoina bpeataí?
- Scríobh alt gairid ar do pheata féin. Mura bhfuil peata agat scríobh faoin ainmhí is fearr leat agus mínigh cén fáth.