Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Hugo L. González
San alt seo foghlaimeoimid faoin staid mór le rá de chuid CLG i Nua-Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ó ré an Ghorta tá an-chuid Éireannach agus daoine de shliocht Éireannach ina gcónaí sna Stáit Aontaithe, go háirithe i Nua-Eabhrac agus Bostún. Mar sin cheannaigh an Cumann Lúthchleas Gael talamh in The Bronx i Nua-Eabhrac in 1926 chun cluichí Gaelacha a chur ar fáil dóibh. Talamh garbh a bhí ann ar dtús, ach le himeacht ama tógadh teach tábhairne, seomraí gléasta, agus halla rince ar an láthair. Bhí cúpla ainm eagsúil ar an stad i rith na blianta, Páirc Inis Fáil agus Páirc an Chrócaigh mar shampla. Ba é John Devine an láithreoir ag na cluichí gach Domhnach ó 1947 go 1965. Deirtear gur oibrigh sé 6 uair an chloig mar bhí 5 chluiche ann gach Domhnach.
In 1964 labhair Robert F Kennedy roimh chluiche, ag rá. ‘Bhí sé de nós againn gach maidin “Loch Garman abú” a rá’. Ó 1991 ar aghaidh ghlac Ollscoil Manhattan seilbh ar an suíomh agus thosaigh níos mó foirne ó spóirt eagsúla ag imirt ann. Imrítear sacar, lacrosse, rugbaí, agus daorchluiche ag Páirc na nGael anois. Imrítear cluichí baile ag CLG Nua-Eabhrac ag an staid. In 2023 d’éirigh leo a gcéad bhua i gcraobhchomórtas Chonnachta a fháil nuair a bhuaigh siad i gcoinne Chontae Liatroma le ciceanna píonóis. Ba é Mikey Brosnan a rugadh i Nua-Eabhrac captaen na foirne ar an lá.
Ceisteanna buntuisceana
- Cathain a cheannaigh CLG an talamh?
- Cén áiseanna atá ar fáil sa staid?
- Cén ainmneacha eile a bhí ar an staid?
- Luaigh dhá phíosa eolais faoi John Devine.
- Cén bhaint atá ag Robert F Kennedy leis an staid?
- Cad iad na spóirt eile a bhíonn á n-imirt ann?
- Céard a tharla in 2023 agus cérbh é captaen na foirne?