Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Dealamh Luke Kelly i mBaile Átha Cliath
Grianghraf: William Murphy / Flickr

B’amhránaí ceoil thraidisúinta cáiliúil é Luke Kelly. San alt seo foghlaimeoimid faoina shaol.

Rugadh é ar an 17 Samhain 1940 agus tógadh é ar Shráid an tSirriam i lár chathair Bhaile Átha Cliath. D’oibrigh athair Luke i monarcha Jacobs. Scaoil Arm na Breataine a athair in 1914, nuair a bhí sé 10 mbliana d’aois, ar Shiúlán Bhaitsiléir nuair a bhí na saighdiúirí ag filleadh ó Bhinn Éadair chun stop a chur ar Óglaigh na hÉireann a bhí ag iompórtáil gunnaí ón nGearmáin. In 1953 leag Bárdas Bhaile Átha Cliath Arásán Uí Thuathail ina raibh muintir Kelly ina gcónaí, agus bhí orthu bogadh go Cnoc na Fuiseoige i dtuaisceart na cathrach, ach d’fhán Luke mar chuid den phobal i lár na cathrach agus d’imir sé peil agus liathróid láimhe le Buachaillí Uí Chonaill, club CLG suite sa Phort Thuaidh. Thaitin ceol go mór lena athair, go háirithe Paul Robeson, agus tá sé ráite gur chaith an chlann go leor ama i mbun ceoil le chéile déanach san oíche.

Timpeall 1960 chuaigh sé ag obair i Sasana, áit ar bhuail sé le Ewan McColl a thug spreagadh agus scileanna amhránaíochta dó. Is anseo a d’fhás a spéis sa pholaitíocht chomh maith. Ba chumannaí é agus dár leis d’fhás a chuid ceoil in éineacht lena spéis sa pholaitíocht agus bhí an dá rud fite fuaite le chéile. Cheannaigh sé a chéad bhainseó agus dár leis sheinn sé sa stíl chéanna le Pete Seeger agus Tommy Makem. Nuair a d’fhill sé ar ais go hÉirinn bhí athbheochan an cheoil faoi lánseol. Bhí sé de nós aige ceol a sheinm i dTeach Tabháirne na Mainistreach i mBinn Éadair agus O’Donoghues ar Rae Mhuirfean, áit ar bhuail sé le Ronnie Drew agus Barney McKenna. Níorbh ann don bhanna ceoil fós ach tar éis casadh le Ciarán Bourke oíche amháin ag seisúin i dTamhlacht agus John Sheehan ag pointe éigin bunaíodh The Dubliners. Mhol Kelly an t-ainm mar bhí sé ag léamh an úrscéil sin ag an am.

Is laoch ceoil é agus duine de na hamhránaithe is cáilúla a tháinig ó Éirinn. Ainmníodh droichead as ar an mBaile Bocht, agus tá dhá dheilbh de sa chathair, ceann amháin ar Shráid an tSirriam. Níl ach ráiteas beag ar a uaigh i Reilg Ghlas Naíon, “Luke Kelly, Dubliner, 1940-1984”.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cárbh as do Luke Kelly?
  2. Céard a tharla dá athair in 1914?
  3. Cá háit ar bhog an teaghlach in 1953?
  4. Cén spórt a d’imir sé?
  5. Cé a mhúin ceol dó i Sasana?
  6. Scríobh trí phíosa eolais faoi bhunú The Dubliners.
  7. Céard iad na trí shainchomhartha i mBaile Átha Cliath in ónóir Luke Kelly?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.