Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie
Dé hAoine an 13 Feabhra
Tob-Ghaeltacht
9 pm
The Ballymac Bar, Trá Lí
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus Trá Lí le Gaeilge
Fáilte roimh chách!
Dé hAoine an 13 Feabhra go Dé Domhnaigh an 15 Feabhra
Deireadh Seachtaine Gaeilge
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar https://imeachtai.daltai.com
Tá an deireadh seachatine tumoideachais seo á éascú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá muid thar a bheith buíoch díobh.
Arna eagrú ag Daltaí na Gaeilge.
Dé Sathairn an 14 Feabhra
Rí Rá agus Rith
10 am
Park Victoria, Londain
Ag bailiú ag teach tábhairne The Crown, E3 5SN
Grá don Ghaeilge, dianchúrsa
10 am go 4 pm
Dún Uladh, Bóthar Dhroim na Coille, an Ómaigh
10 am go 3pm, ranganna le lón uair an chloig
3 pm go 4pm, tae, comhrá agus ceol
Ceithre leibhéal ar fáil: glantosaitheoirí, bunrang, meánrang agus ardrang
£15 an duine agus lón san áireamh
Clárú le hOisín 075-42608741 nó oifigeachpaai@gmail.com
Arna eagrú ag Pobal ar a’n Iúl
Turas i Gaeilge
1 pm
Leabharlann Chester Beatty
Caisleán Bhaile Átha Cliath, BÁC 2, D02 AD92
Teoranta do 15 rannpháirtí, ní gá áirithint a dhéanamh.
Saor in aisce
Siamsán ealaíne do theaghlaigh le páistí bunscoile
2 pm
Pobal Eascarrach, an Fál Carrach
Níl aon chostas i gceist ach caithfear clárú roimh ré
Eolas agus clárú ag oisin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Dé Domhnaigh an 15 Feabhra
Cóisir thae
2 go 4 pm
Tá cóisir tae agus cistí á reáchtáil ag an ICA i Halla Le Chéile ar mhaithe le Naomh Muire na nAingeal, Lios an Phúca
Halla Le Chéile, Baile Uí Dhuinn V92DK4C
Fáilte roimh chách.
Dé Máirt an 17 Feabhra
Ciorcal comhrá
11 am go 12.30 pm
Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn
Fáilte roimh chách
Ranganna Jiveála
7.30 go 8.30 pm
Coláiste Chonnacht, H91 HZD9
Áisitheoir Josephine Cooney
€40 ar cheithre rang le híoc ar an gcéad oíche
Ní gá taithí ná páirtnéir a bheith agat, tá fáilte roimh chách, idir óg agus aosta.
Seisiún eolais an chláir Empower
10 am go mean lae
An Crompán, an Ceathrú Rua
Arna eagrú ag Cumasú Banfhiontraithe
Eolas/Clarú ar líne
Dé Céadaoin an 18 Feabhra
Ciorcal comhrá
8 go 9 pm
Seomra teaghlaigh, Áras Pobail Ráth Chairn
Fáilte roimh fhoghlaimeoirí ag an meánleibhéal agus ag an ardleibhéal
Saor in aisce
Arna eagrú ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí