Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie


Dé hAoine an 6 Feabhra

Seoladh leabhair le hAodh Mac Laifeartaigh, Teaghlaigh Ros Goill
8 pm
Óstan na Trá, na Dúnaibh
Scéaltaí agus stair mhuintir na háite
Ceol agus craic agus sólaistí ar an oíche!
Fáilte roimh chach!

Dé Sathairn an 7 Feabhra

Dianchúrsa Gaeilge
10 am go 4 pm
Costas: £25 (Lón san aireamh)
Teach Uidhilín
Cláraigh: www.gloruachtartire.com
Arna eagrú ag Glór Uachtar Tíre

“An Deoraí” le Lorcáin Ó Tuathail
Le hAisteoirí an Bhaile
Áras Phobal Chorr na Móna
Ticéid ar fáil ag an doras, €15
Tuilleadh eolais ó Bríd ag 085-8812570 nó Tony ag 087-6797496

Dé Domhnaigh an 8 Feabhra

Siúlóid sléibhe Ghleann Ó Máil

10.30 am
Siúlóid sléibhe mheánach: Gleann Ó Máil, carrchlós an Chnoicín, Conair an Tábla, an Leamhaigh Bhán, an Chorr.
Fad 16 km,  dreapadh 600 m, 5 uair an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe ar Shráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, Halla Clifton, Éircód D02 XP89
Imeoimid ag 9 am go cruinn.

Tús na siúlóide ag ionad páirceála ag an gcrosbhóthar ag an gCnoicín, i nGleann Ó Máil.
Tagairt eangaí S 983 948 nó N52.9956, W6.5375.
Bí ann ag 10.15 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10.30 am
Críochnóimid idir 3.30 agus 4 pm
Treoraí Breandán Mac Aoidh Bhuí
Nóta, má tá tuilleadh eolais nó síob uait go tús na siúlóide, téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an N81 go Baile Coimín. 15 km tar éis Bhaile Coimín, cas ar chlé ag an Toll House, teach tábhairne atá dúnta le fada. Téigh díreach trí Dhún Ard, is é sin  go dtí an Wicklow Escape nó Mountain Ventures Hostel mar a bhí. 2 km tar éis an Wicklow Escape sroichfidh tú an t-ionad páirceála beag ag an gCnoicín ar an taobh clé.
Trealamh agus feisteas riachtanach.
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Daoine nach baill iad.

Mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a chur chugainn ina mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile, neasghaol mar shampla, le guur féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.

Dé Luain an 9 Feabhra

Ciorcal scríbneoireachta
7 pm
Inis Fáil, an Spidéal, Co. na Gaillimhe H91 X63V
Tá fáilte roimh bhaill nua.
Eolas ó Pauline – 087-9583354

Amhránaíocht thraidisiúnta i nGaeilge agus i mBéarla.
8.45 go 10.30 pm
CLG Baile Buadaín
Aoi speisialta Caitríona Cosgrave
Arna eagrú ag Baile Buadáin le Gaeilge

Dé Céadaoin an 11 Feabhra

Ciorcal comhrá
10:30am go 12:30 pm
Seomra Tae, Mullach Íde

Club cainte
1 go 2 pm
Ceaintín, Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath, Bóthar an Bharraigh, D11 CDR9
Eolas ag 086-0138147

Ciorcal comhrá
8 go 9 pm
Seomra teaghlaigh, Áras Pobail Rath Chairn
Fáilte roimh fhoghlaimeoirí ag an meánleibhéal agus ag an ardleibhéal
Saor in aisce
Arna eagrú ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí

Déardaoin an 12 Feabhra

Maidin eolais, Scéim Tacaíochta Gnó
10 am go mean Lae
Oifig Líonra Leitir Ceanainn
7 Sráid an Chaisleáin F92YP93

Seoladh Sheachtain na Gaeilge i gceantar bárdasach an Náis agus na Sollán, Cill Dara
I dTeampall Naomh Dáibhí, an Nás
7.30 pm
Beidh Colm Ó Mongáin linn mar fhear an tí, agus beidh togha an cheoil agus na hamhránaíochta le cloisteáil ó cheoltóirí áitiúla móra le rá, Féilim Mac Donncha, Aisling Nic Aodha agus Jenny Dillon san áireamh. 
Fáilte roimh chách

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.