Iarchathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh, imithe ar shlí na fírinne

Pádraig Ó Dochartaigh

Is mór an chaill do Ghaeltacht Dhún na nGall agus d’Údarás na Gaeltachta bás a iarchathaoirligh Pádraig Ó Dochartaigh, Pádraig Chití Tim, as Gaoth Dobhair, fear a d’fhág a lorg ar an eagraíocht agus ar an phobal.

Chaith Pádraig dhá théarma ar Bhord Údarás na Gaeltachta, agus é ina Chathaoirleach ar Bhord an Údaráis idir na blianta 1986 agus 1989.

Ba dhuine ilghnéitheach é Pádraig a chuaigh i gceann a chuid oibre go dícheallach, go gealgháireach agus dea-chroíoch. Múinteoir bunscoile, fear gnó, ionadaí poiblí agus gníomhaire pobail den scoth. Chaith sé blianta fada i mbun seirbhís farantóireachta, Tor Mór, go Toraigh, agus chaith sé blianta fosta ina mhúinteoir i Scoil Mhuire, Doirí Beaga.  Bhí Pádraig ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair agus bhí sé iontach gníomhach i gcúrsaí pobail i bparóiste Ghaoth Dobhair ar feadh a shaoil. Chaith sé trí théarma ina chomhairleoir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus d’oibir sé go díograiseach dícheallach leis an Ghaeltacht a chur chun cinn ar achan bhealach i gcónaí.

Déanann Údarás na Gaeltachta comhbhrón ó chroí le teaghlach, le muintir agus le cairde Phádraig ag an am chrua seo.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.