Gradam nua Údarás na Gaeltachta ag SMEDIAS 2026: cruthaitheoir ábhair Gaeilge na bliana

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh catagóir speisialta nua ag gradaim náisiúnta SMEDIAS 2026, na gradaim náisiúnta meán do mhic léinn, is é sin cruthaitheoir ábhair Gaeilge na bliana.

Tugann na gradaim mór le rá seo aitheantas náisiúnta do mhic léinn ar fud na hÉireann a léiríonn caighdeán agus nuálaíocht ina gcuid oibre sna meáin.

Bronnfar gradam chruthaitheoir ábhair Gaeilge na bliana ar an gcruthaitheoir ábhair is fearr a léirigh tiomantas leanúnach don Ghaeilge ar aon ardán digiteach nó meán ó mhí Feabhra 2025 i leith. Díríonn an catagóir  seo ar dhaoine aonair a chruthaigh ábhar nuálach, tarraingteach agus ar ardchaighdeáin trí Ghaeilge go rialta agus go seasta. Ní mór don chruthaitheoir a bheith ina mhac léinn nó ina mac léinn atá lonnaithe in Éirinn.

Léiríonn urraíocht Údarás na Gaeltachta a dtiomantas buan don Ghaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig agus sa spás digiteach. Ag labhairt faoin urraíocht, dúirt Miriam Ní Néill, ó Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta,  “Tá an Ghaeilge beo ar na hardáin dhigiteacha agus is iad na cruthaitheoirí óga atá á coinneáil beo. Tá Glúin Z agus Glúin Alpha ag casadh ó theilifís thraidisiúnta

agus tá siad ar YouTube agis ar TikTok, ag cruthú, ag roinnt agus ag tógáil pobail trí mheán na Gaeilge. Sin é an fáth ar bhunaíomar an catagóir nua seo, chun a chur in iúl go soiléir do na cruthaitheoirí sin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú leo agus go bhfuil meas agus luach ar a gcuid oibre.”

Is ócáid thábhachtach ar fhéilire na mac léinn iad na gradaim náisiúnta seo, a thugann aitheantas d’obair chrua na mac léinn i bhfoilseacháin, ar raidió, ar theilifís, na meáin shóisialta agus sa scannánaíocht.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ar líne.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.