Bhí borradh bríomhar faoin nGaeilge ag cluichí na sraitheanna náisiúnta an deireadh seachtaine seo caite nuair a reáchtáil CLG Chill Dara agus CLG Mhuineacháin tob-Ghaeltachtaí dá gcuid féin i measc lucht leanúna na gcluichí.
Oíche Dé Sathairn seo caite reáchtáil CLG Chill Dara Tob-Ghaeltacht den chéad uair riamh ag cluiche idirchontae. I dTolglann Cedral, ard san ardán, bhí an-Ghaeilge le cloisteáil ag óg agus aosta roimh an gcluiche agus ag leath ama. Chruthaigh an tionscnamh atmaisféar cairdiúil oscailte ina raibh fáilte roimh chách, idir chainteoirí líofa agus iad siúd nach raibh acu ach cúpla focal. Mar a deir an seanfhocal, “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste,” agus bhí an spiorad sin le sonrú go láidir i measc an tslua.
Fógraíodh freisin go mbeidh Tob-Ghaeltacht eile á reáchtáil ag CLG Chill Dara Dé Sathairn seo chugainn ag an gcluiche sraithe idir Cill Dara agus an Mhí, agus tá súil ag an gcoiste Gaeilge go bhfeicfear níos mó fós i láthair chun an teanga a úsáid go nádúrtha i gcomhthéacs an chluiche.