Frustrachas ar mhuintir Thír Chonaill maidir le hAerfort Dhún na nGall

Domhnall Mac Concharraige

Tá idir fhrustrachas agus díomá léirithe ag muintir Dhún na nGall agus polaiteoirí áitúila i leith an rialtais mar gheall ar phlean sceideal nua eitiltí a chur i bhfeidhm idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath. Mar chuid den phlean seo, agus cúis achrainn do mhuintir na háite, beidh deireadh leis an eitilt ag meán lae.

I ráiteas a sheol Aerfort Dhún na nGall deimhnítear go bhfuil sé ar intinn ag an Roinn Iompair conradh nua a chur i gcrích do bhealach oibligeáide seirbhíse poiblí Dhún na nGall – Baile Átha Cliath le Emerald Airlines. Deir siad go bhfuil seo ag tarlú in aineoinn gur iarr siad i litir chuig an Aire Iompair gan an conradh a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh comhairle dlí faighte ag an Aerfort maidir leis an ábhar. Deir siad go bhfuil an chomhairle fós á lorg, agus go bhfuil an-díomá go deo orthu nár aontaigh an Roinn Iompair lena n-agairt. Ta iarrachtaí déanta ag Aerfort Dhún na nGall teagmháil a dhéanamh le hoifigigh na Roinne Iompair le linn an phróisis tairisceana ach chuir an roinn in iúl dóibh nach raibh siad in ann an tairiscint a phlé leo go dtí go raibh an conradh sínithe.

Beidh impleachtaí móra leis an gconradh nua ag muintir Dhún na nGall toisc go dtarlóidh cúpla athrú suntasach. Is iad na hathruithe ná ní bheidh an t-eitleán lonnaithe thar oíche in Aerfort Dhún na nGall a thuilleadh, den chéad uair le bliain agus fiche. Dar leis an aerfort thug seo cinnteacht d’úsáideoirí go n-imeodh eitiltí in am ar maidin. Maíonn siad arís gur chuir siad an imní seo in iúl don roinn i scríbhinn agus ó bhéal ag cruinnithe go luath in 2025 agus i lár 2025.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.