Freddie Scappaticci líomhainte mar Stakeknife

Cathal Ó Murchú

An Taoiseach Micheál Martin

Mhaígh an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil an tseachtain seo go raibh fear as Béal Feirste darb ainm Freddie Scappaticci ina ghníomhaire déthaobhach de chuid sheirbhísí rúnda na Ríochta Aontaithe agus an códainm Stakeknife air, agus d’iarr Martin ar rialtas na Ríochta Aontaithe é seo a admháil go hoifigiúil. Dúirt sé freisin “go raibh sé soiléir do chách” cérbh é Stakeknife ag an bpointe seo.

Bhí Freddie Scappaticci, a fuair bás in 2023, ina phoblachtánach mar dhea. Bhí sé ina óglach in san IRA agus é i gceannas ar scata frith-insíothlaithe ar a dtugtar The Nutting Squad i mBriogáid Bhéal Feirste a raibh sé de chúram air brathadóirí agus sceitheoirí faisnéise a aimsiú agus a chur as feidhm trí dhiancheistiúchán agus bású. Tháinig deireadh lena ról in 1990 nuair a scor Briogáid Bhéal Feirste an scata seo. Meastar go raibh lámh aige i bhfuadach cúig dhuine dhéag, agus le bású ceithre dhuine dhéag acu, agus tá dóchúlacht mhór ann nach raibh cuid mhaith de na fir seo ciontach ar chor ar bith!

Ag an am céanna, mar a chreideann formhór an phobail, bhí sé ag gníomhú mar ghníomhaire ar son sheirbhísí rúnda na Ríochta Aontaithe, aonad faisnéise Arm na Ríochta Aontaithe go sonrach, Force Research Unit (FRU).  Scríobh iarghníomhaire Sasanach darb ainm Ian Hurst, a d’fheidhmigh faoin mbréagainm Martin Ingram, leabhar dar teideal Stakeknife inar líomhain sé go poiblí go raibh Freddie Scappaticci ina ghníomhaire an dá thaobh in 2004.

Dar le Tuarascáil Operation Kenova a foilsíodh i mí na Nollag seo caite, is dócha go raibh baint ag Scappaticci le céasadh agus marú fear níos minice ná mar a tugadh beatha slán, mar a mhaítear faoi ghníomhairí de ghnáth. Maítear sa tuarascáil chéanna go raibh baint ag an gclaonpháirteachas (comhoibriú idir gníomhairí an dá thaobh, Arm na Ríochta Aontaithe agus dílseoirí armtha) le bás na gcéadta daoine.

Tá éileamh ann le fada an lá ó theaghlaigh na n-íospartach agus ó Rialtas na hÉireann ar bhonn oifigiúil anois ar Rialtas na Ríochta Aontaithe a admháil go raibh Freddie Scappaticci ina ghníomhaire an dá thaobh ag gníomhú do stát na Ríochta Aontaithe. Tá polasaí ag rialtas na Ríochta Aontaithe gan seo a admháil ná a shéanadh, nós atá acu i gcásanna a bhaineann le gníomhairí an dá thaobh ar chúinsí shlándála náisiúnta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.