
Tá cead pleanála deimhnithe anois d’fhorbairt mhór nua oiliúna ag Bord Contae CLG Bhaile Átha Cliath ar shuíomh i dTeach Mealóg i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tar éis don Choimisiún Pleanála seasamh le cinneadh de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas cead a bhronnadh don tionscadal.
Diúltaíodh roinnt achomharc, ina measc ceann ó chumann cónaitheoirí i gceantar Pháirc Orwell, a mhaígh go raibh easnaimh sna measúnuithe tráchta agus go mbeadh tionchar suntasach ar bhóithre an cheantair. Mar sin féin, i dtuarascáil mhionsonraithe, chinn cigire pleanála nach mbeadh úsáid na háise do chluichí móra ach teoranta agus neamh-mhinic, agus nach ndéanfaí dochar tromchúiseach do shaoráidí cónaithe ná don bhithéagsúlacht.
Áirítear sa tionscadal trí pháirc nua do chluichí Gaelacha le tuilsoilsiú, scórchláir leictreonacha agus suíocháin d’fhoirne, chomh maith le háis oiliúna faoi dhíon. Tógfar seastán le 500 suíochán agus dhá ardán oscailte ar gach taobh de, a d’fhéadfadh 500 duine eile a óstáil.
Beidh pailliún nua mar chuid lárnach den fhorbairt, le deich seomra feistis, áiseanna cithfholctha, seomra bia, giomnáisiam, siopa beag, seomra cruinnithe agus áiseanna liachta agus garchabhrach. Tá an ceathrú páirc á forbairt cheana féin ar sheanláthair imeartha ar an láthair 13.8 heicteár, a cheannaigh Bord Contae CLG Bhaile Átha Cliath ar bhreis agus €9 milliún in 2017.
I measc gnéithe eile tá balla iománaíochta i gcruth L, 105 méadar ar fhad, limistéar reatha uile-aimsire agus cosán siúlóide agus bogshodair 1.32 ciliméadar le stáisiúin aclaíochta. Tá deontas €7 milliún faighte faoin gciste náisiúnta bonneagair spóirt chun tacú leis an tionscadal.
Ní cheadófar na na soilsí a úsáid tar éis 10 a chlog san oíche idir Deireadh Fómhair agus Márta, agus beidh plean bainistíochta tráchta i bhfeidhm do laethanta cluiche. Deir Bord CLG Bhaile Átha Cliath gur áis inrochtana phobail a bheidh ann, a chuirfidh go mór le forbairt agus le fás na gcluichí Gaelacha i ndeisceart na cathrach sna blianta amach romhainn.