Féilte na Gaeilge 2026, ceiliúradh beo ar theanga agus ar chultúr na hÉireann

Jenna Goulding

Ceoltoirí ó Loch Garman ar stáitse ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025

Beidh féilte éagsúla ar fud na tíre ag cur na Gaeilge agus chultúr na hÉireann chun cinn, ó Bhéal Feirste go Ciarraí i 2026. Léiríonn na himeachtaí seo beocht, bród agus neart ár dteanga inniu.

Bíonn Féile na Bealtaine ar siúl i mí na Bealtaine i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí. Ceiliúrann an fhéile tús an tsamhraidh trí chlár saibhir ealaíon a chur ar fáil, lena n-áirítear amharclannaíocht, ceol beo, litríocht agus taispeántais ealaíne. Tá an Ghaeilge lárnach sna himeachtaí mar gheall ar thraidisiún láidir Gaeltachta an cheantair. Beidh sí ar siúl ar an 30 Aibreán go dtí an 4 Bealtaine i mbliana.

Bíonn Féile na Gealaí ar siúl le linn an tsamhraidh i Ráth Chairn. Is féile phobail í a chuireann an Ghaeilge agus na healaíona chun cinn i dtimpeallacht chairdiúil. Bíonn ceol traidisiúnta, scéalaíocht, drámaíocht agus ceardlanna idir lámha ann do dhaoine de gach aois. Tugann an fhéile deis do chainteoirí Gaeilge agus d’ealaíontóirí áitiúla a gcuid tallainne a léiriú. Cheiliúr an fhéile deich mbliana anuraidh ach níl eolas faoin bhféile na bliana seo fógartha go fóill.

Reáchtáiltear Féile an Phobail gach samhradh i mBéal Feirste agus is í an fhéile phobail is mó in Éirinn. Thosaigh sí mar thionscnamh pobail agus tá sí ina hócáid mhór chultúrtha le ceolchoirmeacha, díospóireachtaí, taispeántais agus imeachtaí teaghlaigh. Tá clár láidir Gaeilge mar chuid lárnach den fhéile, le ceardlanna, léamha filíochta agus seisiúin cheoil. Is é an banna ceol The Saw Doctors na príomhoirfidigh i mbliana. Beidh an fhéile ar siúl ar an 25 Iúil go dtí an 9 Lúnasa i mbliana.

Bíonn Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl gach Lúnasa i mbaile difriúil gach bliain. Is í an fhéile cheoil thraidisiúnta is mó in Éirinn agus meallann sí na mílte ceoltóirí agus cuairteoirí. Bíonn comórtais, ceolchoirmeacha agus seisiúin sráide ar siúl i rith na seachtaine. Cloistear an Ghaeilge go nádúrtha sna hamhráin, sna fógraí agus sna himeachtaí cultúrtha. Beidh sé ar siúl ar an 2 Lúnasa go dtí an 9 Lúnasa i mBéal Feirste. Cuireann an Fhleadh le caomhnú agus le forbairt cheol agus teanga na hÉireann do na glúnta atá le teacht.

Reáchtáiltear Féile na Bóinne i gContae na Mí, i gcroílár Ghleann na Bóinne. Díríonn an fhéile ar oidhreacht shaibhir stairiúil agus cultúrtha an cheantair agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Bíonn ceol, léachtaí staire, ceardlanna agus imeachtaí teaghlaigh mar chuid den chlár. Spreagtar rannpháirtíocht an phobail agus úsáid na teanga i ngach gné den fhéile. Neartaíonn sí tuiscint ar fhéiniúlacht áitiúil agus ar thábhacht chultúr na hÉireann. Beidh an fhéile ar siúl ar an 18 Meán Fómhair ar feadh deireadh seachtaine i mbliana.

Bíonn Féile Nasc ar siúl i bPáirc Mharlaí i mBaile Átha Cliath. Is féile ceoil thraidisiúnta í a chuireann ceoltóirí móra agus áitiúla le chéile i dtimpeallacht fáiltiúil. Cloistear an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann trí amhráin, seisiúin cheoil agus spraoi do pháistí. Bíonn imeachtaí teaghlaigh, ceardlanna agus siamsaíocht le fáil.

Bíonn an Ghaeilge le feiceáil ag an bhféile is mó in Éirinn, an Phicnic Leictreach. Bíonn Láthair Ghaeltachta i measc na láithreacha campála ag an bhféile. Is deis iontach í do lucht freastail na féile a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Ina theannta sin, bíonn an Chollchoill mar chuid de Chroí na Féile. Is stáitse é seo chun ceol Gaelach, teanga agus cultúr a cheiliúradh thar an deireadh seachtaine. Beidh an Phicnic Leictreach ar siúl ar an 28 Lúnasa go dtí an 30 Lúnasa i mbliana. Tá an banna ceoil Fontaines D.C. ar ceann de na príomhoirfidigh i mbliana, grúpa Éireannach le nasc láidir leis an teanga.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.