Tá roinnt craobhacha de Chonradh na Gaeilge athbhunaithe le bliain anuas, agus ina measc tá craobh nua i gContae Laoise a bheidh i láthair i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo d’Ard-Fheis an Chonartha.
Ar an 4 Nollaig seo caite in Óstán Midlands Park, Port Laoise, bhuail oifigeach náisiúnta de chuid an Chonartha le díograiseoirí Gaeilge ón gceantar chun Cumann Gaelach Chontae Laoise a bhunú go hoifigiúil. Is ar bhonn deonach atá oifigigh na craoibhe ag feidhmiú, agus tá siad i mbun plean a ullmhú chun úsáid na Gaeilge labhartha a chur chun cinn ar fud an chontae.
Bhunaigh Dubhghlas de hÍde Conradh na Gaeilge in 1893, 53 bliain sular ceapadh é ina chéad uachtarán ar Éirinn. Sa lá atá inniu ann, leanann Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, leis an traidisiún sin trí thosaíocht a thabhairt don Ghaeilge ina cuid oibre poiblí, léiriú praiticiúil ar an meas atá aici ar theanga dhúchais na tíre.

Tá sé mar aidhm ag Cumann Gaelach Chontae Laoise deiseanna rialta úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal agus an teanga a nascadh leis an saol laethúil i gContae Uí Mhórdha, áit a raibh an Ghaeilge i réim fadó fadó. Beidh toscairí ón gcumann i láthair ag Ard-Fheis an Chonartha i mBéal Feirste ón 20 go dtí an 22 Feabhra, rud a chiallaíonn go mbeidh guth Laoise le cloisteáil ag leibhéal cinnteoireachta náisiúnta.
Dúirt an Cathaoirleach, Siobhán Uí Chuinn, “Ar son na craoibhe nuabhunaithe cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh bhaill nua a bheith páirteach in imeachtaí agus i reáchtáil na craoibhe. Tá áthas orainn a bheith mar chuid de Chonradh na Gaeilge atá ag dul ó neart go neart le breis agus 170 craobh reatha agus fás suntasach ar bhallraíocht le trí bliana anuas.
“Mar a deir an seanfhocal, ‘Ní neart go cur le chéile’. Aithnímid an obair iontach agus an dea-thoil i leith na Gaeilge atá sa chontae cheana féin agus déanfaimid gach iarracht cur leis. Ba mhaith linn deiseanna rialta sóisialta a chruthú ionas go mbeidh Gaeilgeoirí in ann aithne a chur ar a chéile agus stádas na Gaeilge a láidriú inár gceantar féin. Beatha teanga í a labhairt.”
Dúirt an Rúnaí, Tomás Ó Maolagáin, “Is mian linn a léiriú gur teanga bheo, shóisialta í an Ghaeilge agus gur le gach duine í. Ní gá Gaeilge fhoirfe, níl de dhíth ach spéis agus meon oscailte. Tá pobal bríomhar Gaeilge i Laois cheana féin agus táimid ag iarraidh é sin a leathnú trí chur chuige fáilteach, pobalbhunaithe.”
Beidh an gcumann á sheoladh go oifigiúi ag imeacht Dé hAoine an 6ú Márta ag 8 pm i De Brúns @ Humes i bPort Laoise.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gcumann ar ríomhphost ag cumanngaelachlaoise@cnag.ie, nó iad a leanúint ar na meáin shóisialta ar Instagram (@cnag_laoise) agus ar Facebook faoin ainm Cumann Gaelach Chontae Laoise.