Ón 15 go dtí an 28 Feabhra beidh Dún Garbhán le Gaeilge ag iarraidh ort pé Gaeilge atá agat a úsáid, chomh minic agus is féidir, i nDún Garbhán. Beidh an feachtas dar teideal Dún Garbhán le Chéile ar siúl ar feadh coicíse den chéad uair riamh, agus beidh deis ag gach éinne páirt a ghlacadh ann. Ach is é an rud is tábhachtaí ná pé Gaeilge atá agat a úsáid, fiú mura bhfuil ann ach cúpla focal, áit ar bith gur féidir leat.
Táimid an-sásta Emilene Stafford ó Merry’s Gastro Pub a fhógairt mar ambasadóir an fheachtais. Ní féidir gan a grá don Ghaeilge a thabhairt faoi deara nuair a shiúlann tú isteach in Merry’s. Idir chomharthaí, éide agus cúpla focal ón gcuntar, níl aon duine níos oiriúnaí ná Emilene do Dhún Garbhán le Chéile. Cé nach cainteoir líofa Gaeilge í Emilene, ní féidir a grá don Ghaeilge a shéanadh. Is í an sampla is fearr í dá bhfuil i gcéist le Dún Garbhán le Chéile, an oiread Gaeilge atá agat a úsáid chomh minic agus is féidir.
Dóibh siúd ná fuil a fhios acu cá dtosóidís, beidh dúshlán 14 lá ar oscailt do chách. Cláraigh agus gheobhaidh tú ríomhphost gach lá le frása nua. Taispeáin dúinn conas a d’úsáid tú é agus beidh tú san áireamh chun duais a bhuachan!
Tá gnólachtaí áitiúla lárnach san fheachtas freisin. Iarrtar ar aon ghnólacht ar mhaith leo páirt a ghlacadh cúpla focal a úsáid le custaiméirí. Is féidir le Dún Garbhán le Gaeilge bileog chabhrach le frásaí bunúsacha a chur ar fáil, chomh maith le greamán fuinneoige chun bhur rannpháirtíocht a léiriú, agus cuirfimid gach gnólacht rannpháirteach chun cinn ar ár meáin shóisialta féin.
Do na gasúir níos óige, beidh comórtas dathúcháin do pháistí in aois scoile ann chomh maith le comórtais eile do scoileanna sa limistéar pleanála teanga.
Má tá suim agat i logainmneacha áitiúla beidh ceardlann logainmneacha á reáchtáil ag Liam Suipéal ar an 26 Feabhra ag 7 a chlog, agus ní hé san gach rud! Ar an 28 Feabhra, chun deireadh a chur leis an bhfeachtas, beidh tóraíocht taisce do theaghlaigh timpeall an bhaile ag tosú ag meán lae, agus do dhaoine fásta. Buail isteach go Merry’s an oíche chéanna ag 9 a chlog. Beidh spraoi, ceol agus deis cheiliúrtha ann ar gach a bhaineann leis an nGaeilge i nDún Garbhán.
Is feachtas oscailte do chách é Dún Garbhán le Chéile, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar bith agat agus gur mhaith leat tosú á foghlaim, nó más cainteoir líofa tú. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas agus faoi conas páirt a ghlacadh, seol ríomhphost chuig Bróna.