Cuisle, Ealaín na Gaeltachta ag Scoil Cheoil an Earraigh 2026

Sadhbh Nic Fhloinn
Grianghraf: Matt Griffin

Bhí brí agus beocht ar leith i gcroílár Chorca Dhuibhne idir an 18 agus an 22 Feabhra nuair a thug Cuisle, clár óige de chuid Ealaín na Gaeltachta, ceoltóirí óga ó cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre le chéile chun páirt a ghlacadh i Scoil Cheoil an Earraigh 2026.

I measc na ngrúpaí a bhí páirteach bhí Scoil Cheoil na Crannóige, Gaoth Dobhair; Craobh Dhúiche Sheoigheach de Comhaltas Ceoltóirí Éireann; Ceoltóirí Óga Chois Fharraige; Brí Uíbh Ráthach; agus ceoltóirí óga as Oileán Acla, Ráth Chairn agus Corca Dhuibhne féin. Léirigh an éagsúlacht seo láidreacht agus leathnú leanúnach an traidisiúin sna ceantair éagsúla Ghaeltachta.

Seo í an ceathrú bliain as a chéile do chlár Cuisle a bheith mar chuid lárnach de Scoil Cheoil an Earraigh. D’fhreastail na rannpháirtithe ar cheardlanna maidine na féile, agus sna hiarnóntaí ghlac siad páirt i gclár breise Cuisle. I measc bhuaicphointí na seachtaine bhí máistir-rang i gcóiriú ceoil le Natalie agus Maitiú Ó Casaide, ceardlann rince seite le Christy Mac Gearailt, agus ceardlann lúibíní idirghníomhach le Noelie Ó Maoileoin. Fuair siad léargas ar scéalaíocht an cheantair ó Thomás Ó Lúing, agus chríochnaigh siad an fhéile le Zumba agus dioscó fuinniúil faoi stiúir DJ Nat.

Ghlac na daoine óga páirt i gCeolchoirm na nDaltaí agus d’fhreastail siad ar phríomhcheolchoirm na féile agus ar an gcéilí Dé Sathairn. Chuir Cuisle lóistín, béilte agus socruithe taistil ar fáil chun a chinntiú nach mbeadh aon bhac ar rannpháirtíocht na n-óg.

Tá traidisiún agus cultúr i gcroílár Scoil Cheoil an Earraigh, ceann de phríomhfhéilte traidisiúnta an cheantair. Spreagann an t-atmaisféar Gaelach seo misneach agus mórtas i measc na rannpháirtithe.

Mar a dúirt Freda Nic Giolla Chatháin, Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige, “Níl amhras ar bith ach go bhfuil todhchaí na n-ealaíon dúchasach slán sábháilte i lámha na ndaoine óga ildánacha seo.”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.