Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Baile mór i gcontae na hIarmhí (2,8,6)
6. Na poill ina bhfuil do shúile lonnaithe (3)
8. Ró-néata (2,1)
11. Robert de Niro, cuir i gcás (iolra) (8)
12. Leacht dhearg an choirp (4)
13. Gruaig ar an éadan agus os cionn na súl (uatha) (4)
14. Réamhtheideal béasach roimh ainm duine: an t-_ _ _ _ _ (5)
17. An dair, cuir i gcás (iolra) (6)
19. Tútach (7)
22. Duine a bhfuil eagla air bíonn sé mar seo (7)
24. Líne a bhíonn ar aghaidh seanduine (3)
25. Is féidir a rá go bhfuil Baile Átha Luain beagnach I lár na _ _ _ _ (4)
27. Tá prótóin, neodróin agus leictreoin istigh ann (5)
29. Míshástacht (6)
31. Scéal miotaseolaíochta de chuid na hÉireann: Tochmharc Étaíne (6)
34. Deighil (4)
35. An praghas nó meas atá ar rud (5)
36. Focal eile ar néaróg: dean athrú ar ord na litreacha ‘gloi’ (4)
38. Dhá stát sna Stáit Aontaithe, faoin ainm céanna seachas Thuaidh agus Theas (8)
40. An foirceann atá ar sheoltaí ríomhphoist Éireannacha (2)
41. Féinmharú deasghnáthach a chleacht na Samúraithe sa tSeapáin (4,4)
43. An duine atá i mbun paidreoireachta (ginideach) (8)
45. Moll talún i gContae na hIarmhí, lárionad samhalta agus spioradálta na hÉireann (4,7)
47. Maoin a thógtar le foréigean (6)
49. Teachtaireacht scríofa i gclúdach a bhfuil stampa air (5)
50. Polaiteoir coimeádach agus impiriúlach i Sasana san san fhichiú haois, a chéad ainm (7)
51. Ábhar greamaitheach i do shrón (5)
52. Bealadh nó blonag (4)
53. Polaiteoir coimeádach agus impiriúlach i Sasana san fhichiú haois haois, a shloinne (9)

Síos

1.  Uachtarán na Stát Aontaithe nuair nach raibh siad aontaithe, 1861-1865 (7,7)
2. Éirí as do chodladh (7)
3. Mamach atá ábalta eitilt agus a thagann amach sa dorchadas (6)
4. Na scéalta miotaiseolaíochta faoi Chú Chulainn agus na hUltaigh (9)
5. Ag tarlú ag an am céanna (iolra) (12)
7. Stráice beag den fharraige idir dhá giota talaimh (6)
9. Ábhar as a ndéantar coinnle (iolra) (9)
10. Oíche an lae seo (6)
15. Uirlis
16. Tá sé go hálainn, is maith _ _ _ _ _ (4,1)
18. Na daoine go léir a chónaíonn i gceantar nó tír ar leith (5)
20. Tá a ceathair móide a ceathair cothrom leis seo: a h_ _ _ _ (4)
21, Fan go bhfuil na húlla mar seo sula n-íosfaidh tú iad (4)
23. Cogadh _ _ _ _ _ _ mbliana idir Ó Néill agus Ó Domhnaill agus na Sasanaigh (2,4)
26. Duine a bhíonn ag déanamh gearáin, bíonn sé mar seo (9)
28. Thug siad an sceimhlitheoireacht go hÉirinn, le dea-ghuí 50 agus 52 trasna (11)
30. Plandaí cosúil le féar a fhásann i riasca agus bogaigh (8)
32. Talamh bog (riasc nó bogach) (4)
33. Faisnéis a bhailítear trí thaighde, is féidir a rá go bhfuil sí mar seo (aidiacht) (8)
37. Daoine a bhíonn ag bogadh ar na bóithre agus gan a dteach féin acu (8)
38. _ _ _ _ fearthainne nó sneachta (4)
39. Deacair a bhriseadh nó a lúbadh (6)
40. Tá pobal na Éireann diongbháilte faoina _ _ _ _ _ _ _ _ _ i ndomhan míleatach (9)
44. Roinnt daoine le chéile (5)
45. Tagann na báid i dtír sna háiteanna seo (5)
46. Buachaill óg (5)
48. Éin atá cosúil leis na préacháin ach ta siad níos lú ná iad (4)

Freagraí ar Crosfhocal #68

TRASNA: 1. Bróga 3. Aintín 5. Beach 8. Amárach 10. Samhradh 11. Trá 13. Imigh 14. Seasta 16. Aimsir 17. Dithneas 20. Croí 21. Líne 24. Sneachta 25. Só 26. Cailín 28. Áith 29. Airgead 31. Tuar 32, Matán 33. Madra 34. Inis 37. Ort 39. Iris 40. Hó hó hó 41. Tine 43. Nialas 44. Cróga 45. Gaineamh 46. Gorm 47. Aodh 51. Rothair 52. Tobar 53. Sacar
SÍOS: 1. Buachaill 2. Garáiste 3. Ach 4. Teach 5. Bád 6. Bris 7. Cáca milis 9. Cairde 12. Cistin 15. Aici 18. Nuachtán 19. Satharn 22. Neacht 23. Gloine 24. Snámh 25. Súgradh 27. Carrchlós 30. Smaoinigh 34. Istigh 35. Sreang 36. Chasamar 38. Tuairisc 39. Iascach 42. Tagairt 44. Chaith 48. Dorn 49. Bhí 50. ABC
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.