Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Cuireann tú ar do throithe iad agus do stocaí laistigh díobh (5)
3. Deirfiúr do dhaid (6)
5. Feithid bheag a dhéanann mil (5)
8. Inné, inniu, _ _ _ _ _ _ _ (7)
10. Bealtaine, Meitheamh agus Iúil le chéile (8)
11. Cois farraige: ar an _ _ _ (3)
13. Téigh nó fág (5)
14. Rialta nó buan (6)
16. Is féidir leis a bheith te nó fuar, nó fearthainneach nó tirim (6)
17. Deifir nó deabhadh (8)
20. Bheifeá marbh dá stadfadh an ball seo ag preabadh i do chliabh (4)
21. Téann sé díreach ó phointe go pointe i gcóipleabhar mar shampla (4)
24. Uisce fuar agus bán a thiteann ón spéir: déantar liathróidí as (8)
25. Suaimhneas, sult nó sásamh (2)
26. Bean óg (6)
28. Oigheann a úsáidtear chun earraí potadóireachta a dhéanamh (4)
29. Úsáidtear é chun rudaí a cheannach (7)
31. Comhartha ar rud le teacht (4)
32. Ball atá ag cách, ach níos láidre i dtógálaí meáchan (5)
33. Peata a bhíonn ag amhastach, ach an cara is fearr le daoine deirtear (5)
34. Abair (4)
37. Ar + tú (3)
39. Foilseachán a thagann amach uair sa mhí de ghnáth (4)
40. An rud a deir Daidí na Nollag agus áthas air (2,2,2)
41. Adhmad nó móin nó gual agus é lasta chun an seomra a théamh (4)
43. Náid, dada nó faic (6
44. Misniúil (5)
45. An chré a fhaightear cois farraige, déanann páistí caisleáin as (9)
46. Dath na spéire lá breá (4)
47. Laoch Éireannach: _ _ _ _ Rua Ó Domhnaill (4)
51. Feithicil gan inneall, le dhá roth agus dhá throitheán [ginideach] (6)
52. Poll sa talamh, foinse uisce (5)
53. Cluiche a imríonn Ruagairí na Seamróige (5)

Síos

1.  Fear óg (9)
2. Áit a bhfaightear peitreal d’fheithiclí (8)
3. D’ith mé é _ _ _níor thaitin sé liom (3)
4. Áit chónaithe, má tá an t-ádh leat (5)
5. Bhí ceann beag ag Feilimí (3)
6. Déan dochar do rud ionas nach n-oibríonn sé (4)
7. Císte a bhfuil seacláid nó uachtar nó rud eile blasta air (4,5)
9. Bíonn daoine aonaracha gan iad (6)
12. Seomra ina n-ullmhaítear an bia (6)
15. Ag + sí (4)
18. An Páipéar, cuir i gcás (8)
19. Lá sa tseachtain (7)
22. Iníon do dheirféar (6)
23. An chuid thrédhearcach den fhuinneog (6)
24. Gluaiseacht san uisce (5)
25. Bíonn na páistí ag _ _ _ _ _ _ _ le chéile (7)
27. Áit a bhfágann tú d’fheithicil (9)
30. Déan machnamh ar rud (9)
34. Chuaigh mé isteach, bhí mé _ _ _ _ _ _ (6)
35. Cosúil le rópa, ach níos lú (6)
36. Chualamar torann laistiar dínn agus _ _ _ _ _ _ _ _timpeall (8)
38. Cuntas ar rud a tharla (8)
39. Iarracht iasc a ghabháil, an t-ainm bhriathartha (7)
42. Nuair atá tú ag caint faoi rud, déanann tú _ _ _ _ _ _ _ dó (7)
44. _ _ _ _ _ _ mé an liathróid san aer inné (6)
48. Lámh dhúnta (4)
49. ‘Tá’ san aimsir chaite (3)
50. Tús na haibítre (3)

Freagraí ar Crosfhocal #67

TRASNA: 1. Leonardo da Vinci 8. Srón 11. Aibhléis 12. Ard na Croise 14. Insint 15. Bunóc 16. Trátha 17. Smior 19. Cime 21. Aisling 24. Snasta 25. Uaigneas 26. Dua 27. Fadó 29. Amach 31. Íogaireacht 33. Nia 34. Curaí 35. Tithe 36. Catha 37. Tráchtsoilse 38. Taibhsí
SÍOS: 1. Leacaigh 2. Oibrithe 3. Allas 4. Driongán 5. Asanálaím 6. Iodáilis 7. Cnaipí 9. Róisín Dubh 10. Croíbhriste 13. Eisceachtaí 16. Tuairim 18. Mianadóirí 20. Ionadaíocht 21. Airdiúlacht 22. Stuamacht 23. Gan amhras 26. Dathdhall 28. Bali 30. Aonach 32. Garrán 35. Tost
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.