Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
1. An t-ealaíontóir a chuir an Mona Lisa ar chanbhás (8,2,5)
8. Is míbhéasach an mhaise é a bheith ag piocadh as seo go poiblí (4)
11. Focal eile ar leictreachas (8)
12. Áit in Éirinn ina ngintear a lán den leictreachas sin (3,2,6)
14. Nuacht a chur in iúl, scéal a _ _ _ _ _ _ (6)
15. Naíonán (5)
16. Ag an am iomchuí: in am _ _ _ _ _ _ (6)
17. An smúsach i do chnámha (5)
19. Príosúnach (4)
21. Brionglóid nó fís (7)
24. Críochnaithe go maith (6)
25. Cumha (8)
26. Deacracht (3)
27. Na céadta bliain ó shin (4)
29. Teacht isteach, dul _ _ _ _ _ (5)
31. Cigilteacht (11)
33. Deartháir mo neachta (3)
34. Cineál de stobhadh a bhíonn ar fáil i mbialanna Síneacha agus Indiacha (5)
35. Tá na foirgnimh seo i ngannchúis faoi láthair. Is géarchéim é (5)
36. Ag troid, i bun _ _ _ _ _ (5)
37. Má théann tú tríothu nuair atá siad dearg, beidh na Gardaí do do lorg (12)
38. Daoine a thagann ar ais tar éis a mbás (7)
Síos
1. Rud, féar mar shampla, a bhrú síos go mbeidh sé cothrom (briathar) (8)
2. Daoine a thuilleann airgead as a saothar (8)
3. Agus uaireanta bíonn an leacht seo á chur ag na ndaoine in 2 síos (5)
4. Ainmhí a bhfuil drochbhail air (8)
5. Análaím an t-aer isteach agus _ _ _ _ _ _ _ _ _ amach é (9)
6. Ceann de na teangacha a labhraítear san Eilvéis (8)
7. Ní féidir leat do léine a dhúnadh gan iad (6)
9. Bean ina samhail d’Éirinn i ndán nó amhrán ón seachtú haois déag (6,4)
10. Nuair a thug mo chara mná bata agus bóthar dom bhí mé mar seo (11)
13. Bíonn siad seo ann i gcomhair gach rialach (11)
16. Barúil (7)
18. Daoine a bhíonn ag tochailt faoin talamh agus gual, ór agus eile á lorg acu (10)
20. Déanann teachtaí dála é seo ar son an phobail (11)
2+1.Sotal (11)
22.Guaim (9)
23. Cinnte dearfa (3,6)
26. Daoine nach féidir leo ach rudaí a fheiceáil i ndubh agus i mbán, tá siad mar seo (9)
28. Ainm Béarla ar oileán agus cúige de chuid na hIndinéise, áit tuarasóireachta cháiliúil (4)
30. Tionól sealadach, lasmuigh de ghnáth; rudaí á ndíol agus siamsa ar fáil ann (6)
32. Coill bheag. Feictear an focal seo in úsáid mar chuid d’ainm ar bhóthar (6)
35. Ciúnas (4)
Freagraí ar Crosfhocal #66
TRASNA: 4. Gorm 9. Bíogarnach 11. Cantail 13. Craobh 14. Dún Pádraig 17. Sodar 18. Tolglann 19. Fíor 21. Díon 23. Duán 25. Níor 26. Rosach 27. Istigh 29. Triúr 32. Earra 35. Ní neart go cur le chéile 37. Anró 38. Tua 39. Sloinne 41. Goimh 43. Aga 44. Cabáistí 45. Yucatán
SÍOS: 1. Díomá 2. Drifisc 3. Lasc 4. Ghearrfá 5. Machaire 6. Scaipthe 7. An Cailín Ciúin 8. Taidhleoir 10. Gearáin 12. Lán 15. Pandóra 16. Go 20. Ín 22. Oisín 24. Uiscedhíonach 28. Ilroinnt 29. Teannas 30. Zelenskyy 31. Sornóg 33. Agnóisí 34. Bréagach 36. Cuthach 37. Aoibh 40. Eagna 42.Sin