A Eagarthóir, a chara,
Scríobhaim chun An Páipéar ag tagairt don alt An bandia í Bríd? a foilsíodh in eagrán na seachtaine seo caite. Go hachomair, píosa a thug le tuiscint ná fuil i gceist le Naomh Bríd ach athshamhlú Críostaí ar bhandia págánach. Thug an t-alt le fios go ndéanfaí dhá thaobh na hargóna a chíoradh trí na foinsí stairiúla agus dá bhrí sin bhí ionadh orm nár deineadh aon tagairt don dá bheathaisnéis Laidine a scríobhadh fúithi. Thóg Bríd mainistir i gCill Dara, agus thagair lucht na mainistreach san di mar bhunaitheoir na mainistreach.
Luaigh an t-údar freisin nach nós Críostaí é a bheith ag triall ar thoibreacha naofa. Is ábhar ionaidh dom an maíomh seo, ó bhí an oilithreacht go smior sa traidisiún Críostaí i gcónaí. Is cosúil freisin nár thug an scríbhneoir suntas do thábhacht an uisce mar mhóitíf slánaithe sa Chríostaíocht, mar shampla, an baisteadh, an t-uisce coisricthe, an t-uisce a tháinig ó chléibh Chríost ar an gcrois agus an t-uisce a sceith ó thaobh an teampaill i leabhar Eizicéil. Sna soiscéalta, thairg Íosa uisce slánaithe don mbean Saimitíreach ag an tobar.
Ag comhdháil le déanaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh d’admhaigh an tOllamh iomráiteach Pádraig Ó Macháin nach féidir a rá gurb ionann Naomh Bríd agus an bandia.
Ní hait le scríbhneoir an ailt sin ach oiread, ar chúis éigin, gur tagairt do thriúr darb ainm Bríd a bhíothas i Sanas Chormaic. An amhlaidh gurb ionann an Bhríd a chomórann sé anois agus an triúr acu, nó díreach aon deirfiúr amháin acu?
Feictear domsa gurb é is príomhchos fén stól acu siúd a déarfadh nárbh ann do Naomh Bríd ná go raibh an t-ainm céanna aici le pearsa(í) sa ré réamh-Chríostaí. Is trua nár thug a tuistí Síle nó ainm éigin eile uirthi.
Le meas,
Brian Ó Ruairc,
Corcaigh