
Seoladh clár Sheachtain na Gaeilge do cheantar an Náis agus na Sollán i gCill Dara go hoifigiúil an Déardaoin an 12 Feabhra ag ócáid speisialta i dTeampall Naomh Dáibhí, an Nás. Bhí slua maith i láthair don seoladh, a chuir tús le hullmhúcháin don fhéile a bheidh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta.
Ba é Colm Ó Mongáin a bhí ina fhear an tí ar an oíche, agus threoraigh sé an ócáid le scil agus le dea-ghreann. Chuir ceoltóirí áitiúla, ina measc Féilim Mac Donncha, Jenny Dillon agus Aisling Nic Aodha, go mór leis an atmaisféar, agus rogha de cheol traidisiúnta agus amhránaíocht á cur i láthair acu.
Le tacaíocht ó Chomhairle Contae Chill Dara agus ó Éire Ildánach, tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag Cill Dara le Gaeilge i gcomhar le coiste deonach áitiúil. Tá thart ar 40 imeacht beartaithe i mbliana, faoi théama na bliana, Meas.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, Siobhain Grogan, go bhfuil méadú leanúnach ar an spéis sa Ghaeilge sa cheantar. “Tá imeachtaí ar siúl anseo le blianta anuas, agus gach bliain feicimid níos mó daoine ag glacadh páirte. Tá sé fíorthábhachtach dúinn go mbíonn rud éigin ar an gclár do chách,” ar sise.
Idir an 1 agus an 17 Márta beidh ceardlann bácála, ceardlann dúlra do theaghlaigh, caint ar an intleacht shaorga, ceardlanna Gaeilge trí Spáinnis, Polainnis agus Béarla, ceardlann Seapáinise trí Ghaeilge, agus go leor imeachtaí eile, rud éigin do chách!
Is í Féile Shráide Nás na Rí ar Lá Fhéile Pádraig buaicphointe na féile, le siamsaíocht, ceol, rince agus céilí mór mar chríoch ar an lá.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.cilldaralegaeilge.ie