Is sa PorterShed i nGaillimh a bheidh comhdháil bhliantúil Sustainable Media Ireland (SMI) ar siúl in 2026. Is é seo an chéad uair don chomhdháil a bheith ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus tá ríméad ar TG4 a bheith ina óstach uirthi.
Is líonra d’eagraíochtaí meán é Sustainable Media Ireland a thagann le chéile chun eolas a phlé agus a roinnt, beartas a mheas agus rannpháirtíocht a chur chun cinn maidir le gach gné den inbhuanaitheacht ar fud earnáil na meán in Éirinn. Ar na heagraíochtaí atá ina mbaill de SMI tá TG4, RTÉ, Virgin Media Ireland, Fís Éireann, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI), Craol a dhéanann ionadaíocht ar an bpreas tráchtála agus ar líne sna meáin náisiúnta, áitiúla agus pobail, le tacaíocht ó Choimisiún na Meán.
Ócáid lae is ea an chomhdháil, ina mbeidh cainteanna agus painéil ag breathnú ar go leor gnéithe de na meáin in Éirinn, ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Cé gur léir go gciallaíonn sé seo go mbíonn an comhshaol go mór i gceist, breathnaítear freisin ar an seasmhacht eacnamaíoch agus ar an tionchar a bhíonn ag ár gcuid oibre go sóisialta agus go cultúrtha.
Go dtí seo bhíodh imeachtaí SMI ar siúl i stiúideonna Virgin Media Ireland agus i stiúideonna RTÉ.