Ceol i gcroílár Sheachtain na Gaeilge 2026

Jenna Goulding

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026 – Conor Curley agus Róisín Seoighe

Tá ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026 fógartha go hoifigiúil. Is iad Conor Curley agus Róisín Seoighe a bheidh ann. Rinneadh an fógra le linn sheoladh na meán níos luaithe an tseachtain seo in Ionad Ché an Adhmaid, Baile Átha Cliath.

Beidh an ceol i gcroílár na féile i mbliana agus ceiliúrann téama Sheachtain na Gaeilge 2026, “A Ghaeilge, mo cheol thú” an nasc domhain agus buan idir an Ghaeilge agus an ceol, idir thraidisiún agus nuálaíocht.

Ag an seoladh, ghlac Conor Curley agus Róisín Seoighe páirt i bpainéal cainte faoi stiúir Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá. Labhair na hambasadóirí faoina n-eispéiris phearsanta leis an nGaeilge, an tionchar atá aici ar a gcuid ceoil, agus faoi conas a bheidh siad ag chur na Gaeilge chun cinn le linn Sheachtain na Gaeilge. Léirigh siad araon go bhfuil an Ghaeilge lárnach dá bhféiniúlacht chruthaitheach.

Léiríonn an bheirt éagsúlacht phobal na Gaeilge, Róisín mar chainteoir dúchais agus Conor mar fhoghlaimeoir. Cuireann a gcuid scéalta béim ar an bhfíric go bhfuil an teanga oscailte do gach duine.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, “ Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh bheirt cheoltóirí den scoth mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2026. Tugann Conor agus Róisín dearcadh uathúil ar an nGaeilge tríd an gceol. Le linn na féile, spreagfaidh siad daoine ar fud na tíre agus níos faide i gcéin chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua agus cruthaitheacha. Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach duine an teanga a úsáid, ó chainteoirí dúchais go dtí iad siúd atá díreach ag tosú amach.” 

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge, go léiríonn ceapadh Conor Curley agus Róisín Seoighe mar ambasadóirí téama na bliana agus an gaol láidir idir an teanga, an ceol agus pobal éagsúil na Gaeilge.

Is príomhghiotáraí leis na Fontaines D.C. é Conor Curley. Thosaigh Conor ag foghlaim Gaeilge le déanaí tar éis an amhráin In ár gCroíthe go deo a chumadh mar gheall ar an scéal cumhachtach a d’fhoghlaim sé taobh thiar den fhrása.

Is amhránaí sean-nóis agus príomhamhránaí leis an mbanna IMLÉ í Róisín Seoighe. Labhair Róisín faoi thábhacht na muiníne agus an chreidimh ionat féin. Is tréithe tábhachtacha iad le bheith agat agus tú ag foghlaim agus ag feabhsú do chuid Gaeilge.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.