Ceithre bliana cogaíochta san Úcráin

Cathal Ó Murchú

Ceithre bliana tar éis an ionraidh lánscála ghlac Chargé d’Affairs Amasáid na hÉireann san Úcráin, Garrett O’Brien, páirt i searmanas ag Cearnóg Maidan in ómós chosantóirí na hÚcráine a thit.

Ón Máirt seo caite an 24 Feabhra tá Cogadh na hÚcráine ar siúl ar feadh ceithre bliana anois, ó rinne forsaí armtha na Rúise ionradh ar chríoch aitheanta na hÚcráine. Go dtí seo is é an cogadh is suntasaí agus is fuiltí san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda agus tá líon na dtaismeach sna milliúin anois, go háirithe ar thaobh na nÚcránach. Ag an bpointe seo tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an bua ag an Rúis, ach fós leanann an marú ar aghaidh a fhad is go soláthraíonn comhghuaillíocht ECAT, na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe Eorpacha, airm dá seachfhórsaí Úcránacha.

Ar ndóigh, bhí cogaíocht ar siúl san Úcráin ocht mbliana roimh ionradh na Rúiseach le héirí amach mhuintir Donbass i gcoinne rialtas Chív ó chuir cneamhaireacht an Iarthair (Meiriceá agus an Eoraip) agus agóidithe ó iarthar na tíre Yanukovych as cumhacht i mí Feabhra 2014. Roimhe sin bhí coimhlint pholaitiúil ann idir taobh an iarthair agus taobh an oirthir san Úcráin blianta roimhe sin, coimhlint a bhí réitithe ar son na n-iartharach le linn ghabháil cumhachta Maidan. Leis an ngabháil cumhachta sin, bheartaigh muintir na Crimé agus muintir Donbass scaradh ó stát na hÚcráine.

Tá níos mó i gceist leis an gcogadh seo ná dhá fhórsa armtha ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá an cogadh seo le sonrú i neart réimsí éagsúla cosúil leis an ngeilleagar, an taidhleoireacht idirnáisiúnta agus go háirithe réimse na scéalaíochta agus na bolscaireachta.

Tá meáin chumarsáide an Iarthair ag taobhú beagnach go huile agus go hiomlán leis an Úcráin agus bíonn cinsearacht ar siúl i gcoinne scéalaíocht ón Rúis le cosc ar mheáin na Rúise mar a fheictear leis na suíomhanna Russia Today, Sputnik agus roinnt eile blocáilte ón idirlíon san Eoraip in ainneoin na mbunluachanna seanbhunaithe maíte maidir le saoirse preasa an Iarthair. Tá meáin na hÉireann gafa go huile is go hiomlán leis an gcinsearacht seo agus bunaíocht na hÉireann sna 26 contae tiomanta chun comhghuaillíocht mhíleata leis an Iarthar a chothú, a threisiú agus a dhaingniú, cé go séanann siad go bhfuil a leithéid á dhéanamh acu, in ainneoin mhian mhuintir na hÉireann chun cloí leis an neodracht.

Tháinig na mílte daoine amach in Amstardam le tacú leis an Úcráin Dé Domhnaigh.
Grianghraf: Andrew Chakhoyan/X

I réimse na heacnamaíochta tá Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tAontas Eorpach agus comhghuaillithe eile an Iarthair ag fógairt ‘smachtbhannaí ó Ifreann’, mar dhea, i gcoinne gheilleagar na Rúise, ach níl an chuid is mó den domhan ag glacadh páirt san iarracht seo. Mar an gcéanna i réimse na taidhleoireachta, tá a gcaidreamh ag neartú lena bpáirtnéirí san eagraíocht BRICS. I dtaobh dhaonra an domhain de, níl 80% “ag seasamh leis an Úcráin”, ce gur cháin an chuid is mó acu ionradh na Rúiseach ceithre bliana ó shin.

Maidir leis an gcogadh armtha é féin, tá níos mó cosúlachtaí ag an gcogadh seo le cogadh tnáite an Chéad Chogaidh Dhomhanda ná le cogadh soghluaiste an Dara Cogadh Domhanda, agus tá sé soiléir go bhfuil i bhfad níos mó acmhainní míleata ag na Rúisigh i dtaobh muinisean, dróin chogaidh, sliogáin airtiléire. Tá an méid seo fíor fiú le soláthar míleata ón Iarthar don Úcráin leis na billiúin euro d’airgead poiblí seolta chucu.

Cé nach féidir a bheith cinnte faoin líon taismeach i gcogadh den chineál seo, léiríonn aistriú príosúnach cogaidh agus corpán na marbh go bhfuil an ráta i bhfad níos airde do na hÚcránaigh. Feictear an ghéarchéim seo sa chaoi go mbíonn ar stát na hÚcráine fir a earcú dá bhfórsaí armtha ó beagnach gach aoisghrúpa, iad á bhfuadach ar na sráideanna agus iallach curth orthu dul chun catha, áit a mbíonn bás nó drochghortú i ndán dá bhformhór.

Bhí deis ann go luath sa chogadh seo réiteach síochána a chur i bhfeidhm le neodracht na hÚcráine geallta, féinriail do mhuintir Donbass laistigh de stát na hÚcráine agus tarraingt amach shaighdiúirí Rúiseacha ón Úcráin le linn idirbheartaíochta a bhí ar siúl in Iostanbúl na Tuirce in Aibreán 2022, ach ba é Boris Johnson príomhaire na Ríochta Aontaithe ag an am a scor an comhaontú seo nuair a ghríosaigh sé ar Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy go bhféadfaidís an cogadh a bhuachan le cúnamh an Iarthair.  

Anois, ceithre bliana ar aghaidh le beagnach dhá mhilliún Úcranach imithe ar shlí na fírinne, beidh síocháin i bhfad níos daoire le híoc acu. Ach ní lucht scothaicme Mheiriceá nó na hEorpa a bheidh ag troid agus ag fáil bháis ar pháirc an chatha ach iad ag gríosadh ar a gcairde Úcránacha a leithéid a dhéanamh!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.