Cóilín Duffy
Don chéad uair riamh i stair chomórtas na Sé Náisiún beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chluichí móra na hÉireann ar ardáin RTÉ an séasúr seo, céim mhór chun cinn do stádas na Gaeilge sna meáin spóirt. Tá an craoltóir agus tráchtaire aitheanta Garry Mac Donnacha i mbun na hoibre, agus labhair sé le An Páipéar faoin tábhacht a bhaineann leis an bhforbairt seo.
Beidh dhá chluiche den chomórtas á gcraoladh i nGaeilge i mbliana, is iad sin Sasana i gcoinne na hÉireann agus Éire i gcoinne na Breataine Bige, rud a thabharfaidh deis don phobal Gaeilge taithí iomlán a fháil ar na cluichí trína dteanga dhúchais.
Ag labhairt dó le An Páipéar, dúirt Mac Donnacha go raibh an cinneadh seo “ag teacht le fada”. “Tá daoine á lorg seo le blianta is dócha,” a dúirt sé. “Is céim eile ar an dréimire é seo ó thaobh clúdach spóirt de, agus is rud thar a bheith dearfach é don Ghaeilge.”