Dar le Lorcan Sirr, an saineolaí tithíochta atá ina leachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ní féidir brath ar fhigiúirí a chuireann an rialtas amach maidir le líon na dtithe atá tógtha.
Míníonn sé go bhfuil difríocht idir aonad tithíochta a bheith ceangailte leis an eangach leictreachais agus an t-aonad sin a bheith réidh le cónaí ann, ach go liostálann na húdaráis aonad bheith réidh nuair atá sé ceangailte leis an eangach.
Luann sé a raibh le rá ag an iaraire tithíochta, Eoghan Murphy, ina dhírbheathaisnéis Running from Office. Insíonn Murphy faoin méid a tharla nuair a d’ordaigh sé dá chuid oifigeach an líon críochnaithe tithe a ríomh ar bhealach níos cruinne.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!