Seoladh an leabhar nua Bliain an Ghaisce Dé Sathairn seo caite ar an gCeathrú Rua, agus ba é Seán Óg de Paor a raibh sé d’onóir aige an saothar a lainseáil os comhair slua mór a tháinig le chéile chun éacht 2025 a cheiliúradh. Cé gur bua stairiúil a bhí ann d’fhoireann shóisir CLG na Ceathrún Rua, curaidh na hÉireann 2025, a spreag an tionscnamh, tá i bhfad níos mó ná scéal peile faoi chlúdach an leabhair seo.
Is é Seán Ó Mainnín a ghlac formhór na ngrianghraf atá sa leabhar, agus is le Tomás Mac Con Iomaire an téacs. Dar le hÓ Mainnín, a labhair le An Páipéar, “ní féidir cur síos a dhéanamh ar an gCeathrú Rua in aon fhocal amháin.” Dúirt sé gur “oscailt dorais” a bhí sa bhua peile, deis le féachaint ar an mbaile as ar fáisceadh na laochra agus ar an saol bríomhar cultúrtha atá ann.
“Níl sé faoin aistear peile amháin,” a mhínigh sé. “Tá sé faoi i bhfad níos mó ná sin.” Tá forlíonadh speisialta sa leabhar dar teideal An Leabhar Rua, a chuireann béim ar shaol agus ar chultúr bródúil phobal na Gaeltachta, ar an sean-nós, ar an gceol, ar an damhsa, ar an litríocht agus ar na traidisiúin a mhúnlaíonn féiniúlacht na háite.