An Ghaeilge agus Éire aontaithe i lár an aonaigh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste

Cóilín Duffy

Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo agus cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí inniu, Dé hAoine an 20 Feabhra, in Óstán Europa sa chathair. Leanfaidh an clár go dtí Dé Domhnaigh an 22 Feabhra, agus tá clár cuimsitheach díospóireachtaí, léachtaí, toghchán agus imeachtaí cultúrtha geallta do bhaill agus do chairde na heagraíochta.

Is é an téama i mbliana “An Ghaeilge in Éirinn aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht”, agus beidh an cheist sin i gcroílár phlé an deireadh seachtaine. Reáchtáiltear an Ard-Fheis go bliantúil mar chruinniú cinnteoireachta na heagraíochta, áit a dtoghtar coiste gnó agus uachtarán, a bpléitear rúin, agus a leagtar amach treo straitéiseach Chonradh na Gaeilge don tréimhse amach romhainn.

Cuirfear tús leis an gclár tráthnóna inniu le seoladh taighde le Róisín Nic Liam, seimineár dlí agus podchraoladh beo den chlár Seachtain. Beidh seoladh leabhair le hEoghan Mac Cormaic ar siúl chomh maith, rud a léireoidh an nasc láidir idir an eagraíocht agus saol litríochta na Gaeilge.

Ag 8 a chlog anocht seolfaidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, an Ard-Fheis go hoifigiúil. Beidh aoichaint á tabhairt ag an gCoimisinéir Gaeilge, an Dr. Pól Deeds, a labhróidh ar chearta teanga agus ar stádas na Gaeilge i gcomhthéacs polaitiúil an lae inniu. Ina dhiaidh sin, ag 8.45, beidh painéal mór díospóireachta ar siúl faoin téama lárnach, le ceathrar polaiteoirí páirteach: Declan Kearney (CTR, Sinn Féin), Garret Kelleher (Seanadóir, Fine Gael), Naoise Ó Cearúil (TD, Fianna Fáil) agus Patsy McGlone (CTR, SDLP). Beidh an craoltóir Máirín Ní Ghadhra ina cathaoirleach ar an bplé.

Maidin Dé Sathairn díreofar ar ghnó oifigiúil na hArd-Fheise. Pléifear rúin, toghfar an coiste gnó agus leanfar leis an obair dhaonlathach atá i gcroílár na heagraíochta ó bunaíodh í in 1893. Beidh eagrán beo eile de An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar siúl, chomh maith le seomra teaghlaigh a chuirfidh fáilte roimh rannpháirtíocht ó theaghlaigh agus ó dhaoine óga.

Sa tráthnóna, beidh turas staire agus taispeántas á reáchtáil ag an Ollamh Fionntán de Brún i gcomhar le Cartlann Chonradh na Gaeilge, ag tarraingt aird ar oidhreacht shaibhir na heagraíochta agus ar a ról i saol sóisialta agus polaitiúil na hÉireann. Beidh Tionól na Mac Léinn ar siúl freisin, chomh maith le podchraoladh beo Rebel Matters i gcomhar le Raidió Rí-Rá.

I measc bhuaicphointí oíche Dé Sathairn beidh bronnadh Ghradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Ghradam Oibrí Deonach Náisiúnta na Bliana, sula gcuirfear clabhsúr sóisialta le mórdhinnéar na hArd-Fheise.

Críochnófar an deireadh seachtaine maidin Dé Domhnaigh le turas treoraithe ar Reilig Bhaile an Mhuilinn le Seán Fennell, rud a chuirfidh béim ar stair agus ar chuimhne an phobail i mBéal Feirste.

Tá Ard-Fheis 2026 á hóstáil ag Craobh Ghlór na Móna, agus tá gach ball reatha i dteideal freastal agus vóta a chaitheamh. Tá fáilte roimh chairde agus cuairteoirí freisin, ach moltar dóibh teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht roimh ré.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ar fud na cruinne, le breis agus 200 craobh agus líon mór ball aonair. Ó bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus a gcomhghleacaithe í in 1893 tá an eagraíocht ag obair go leanúnach chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha na tíre, trí ranganna, abhcóideacht, feachtais feasachta agus tionscadail ar nós Seachtain na Gaeilge le Energia, PEIG.ie agus tacaíocht do Raidió Rí-Rá.

Beidh súile phobal na Gaeilge dírithe ar Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo, agus plé oscailte le bheith ann ar an ról atá ag an nGaeilge i múnlú thodhchaí na hÉireann.


An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.