
Tá an domhan thiar ar fad trína chéile le scéal chomhaid Epstein, agus an nasc suarach idir lucht na cumhachta agus cleachtais mhímhorálta den chineál is measa léirithe dúinn ar fad.
I Meiriceá tá na polaiteoirí ag iarraidh aird a dhíriú uatha féin go dtí a gcomhleacaithe sa pháirti eile; na Daonlathaithe ag rá go mbaineann an scéal le Trump, agus na Poblachtánaigh ag rá go bhfuil Bill Clinton san áireamh.
Tá nasc amháin Éireannach ann cinnte, is é sin an Seanadóir Meiriceánach George Mitchell a chabhraigh i gcruthú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá sé luaite sna comhaid agus thug Virginia Guiffre fianaise in 2019 go ndearnadh Mitchell éagnú uirthi. Chomh maith leis sin, i ndiaidh chúisiú Epstein lean Mitchell ar aghaidh ag bualadh leis. Baineadh dealbh de George Mitchell ag Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, ar shiúl cúpla lá ó shin de bharr na conspóide.
I Sasana tá sé ina scannal mor faoi Peter Mandelson agus a bhaint le Epstein, agus cén fáth gur roghnaigh Keir Starmer é mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe go dtí na Stáit Aontaithe. Ni féidir a bheith cinnte go dtiocfaidh Starmer slán as an gconspóid. Tá tuairim dhiúltach faoi go forleathan cheana, ach tuairiscítear go bhfuil an páirtí ar fad le ceangal mar gheall air seo, toisc, ar ndóigh, go raibh an oiread sin scannail ag baint le Mandelson roimh ré.