Áine Ní Ghlinn insealbhaithe mar Uachtarán ar an Oireachtas do 2026

Insealbhaíodh Áine Ní Ghlinn ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2026 ag searmanas speisialta in Óstán Hilton i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite. Ba ag an ócáid seo a bronnadh slabhra an Uachtaráin uirthi go hoifigiúil, is comhair slua mór ina raibh scríbhneoirí, lucht litríochta, baill teaghlaigh agus cairde i láthair.

Is as Contae Thiobraid Árann d’Áine ó dhúchas, ach tá sí lonnaithe i mBaile Átha Cliath le blianta fada anuas. Tá sí ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is mó tionchar dá glúin, go háirithe i réimse litríocht na hóige. Aithníodh an obair thábhachtach atá déanta aici nuair a ceapadh í ina Laureate na nÓg don tréimhse 2020–2023, an chéad údar Gaeilge riamh a ceapadh sa ról sin.

Ag labhairt di ag an searmanas, mhol Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, obair agus tiomantas Áine. Dúirt sí gur “seirbhís dhílis agus dhíograiseach” a thug Áine don Oireachtas agus don Ghaeilge thar na blianta, agus go mbeidh sí ina hambasadóir den scoth don eagraíocht i rith na bliana amach romhainn.

Áine Ní Ghlinn

Bhain Áine céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sí máistreacht sa scríbhneoireacht chruthaitheach ó Ollscoil Lancaster. Chaith sí seal mar mhúinteoir meánscoile sular thug sí faoin iriseoireacht, agus d’oibrigh sí ar chláir chúrsaí reatha le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Níos déanaí ghlac sí páirt i léachtóireacht agus i scríbhneoireacht scripteanna do TG4, agus faoi láthair múineann sí modúl scríbhneoireachta i Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Tá breis agus 40 leabhar foilsithe ag Áine go dtí seo, idir phictiúrleabhair, úrscéalta, drámaí agus chnuasaigh filíochta. Tá duaiseanna iomadúla buaite aici i gcomórtais liteartha an Oireachtais agus i gcomórtais eile, agus ainmníodh a cuid saothar ar ghearrliostaí gradam go minic. In 2025 bhain sí duaiseanna i ngach catagóir ar son scríbhneoireacht do dhaoine óga, lena n-áirítear an chéad duais i gcatagóir an fhicsin do dhaoine 13–15 bliana d’aois.

Faoi láthair roinneann Áine a cuid ama idir scríbhneoireacht agus ceardlanna i scoileanna ar fud na tíre, áit a spreagann sí glúin nua scríbhneoirí óga. Is é an t-insealbhú seo an chéad imeacht oifigiúil i bhFéilire Imeachtaí an Oireachtais 2026, agus táthar ag súil le bliain ghnóthach, chruthaitheach agus inspioráideach faoina ceannaireacht.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.