Cathal Ó Murchú
Tá fórsaí de chuid rialtas Shiria ag gluaiseacht chun tosaigh i gcoinne na gcúigí féinrialacha Coirdíneacha ar a dtugtar Rojava orthu agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil fórsaí an rialtais ag fáil an lámh in uachtar ar a gceilí comhraic ansin. Roimh an ionsaí áirithe seo, bhí críoch na Siria deighilte ina dhá phríomhchuid, iardheisceart na tíre faoi cheannas fhórsaí Hay’at Tahrir al-Sham (HTS) agus oirthuaisceart na tíre faoi cheannas Fhórsaí Daonlathacha na Siria (FDS).
Tháinig an HTS i gcumhacht tar éis rialtas Assad a chloí i mí na Nollag 2024 sna sálaí ar thrí bliana déag de Chogadh Cathrtha na Siria roimhe sin. Baineann an HTS, faoi cheannas Ahmed al-Sharaa (Abu Mohammad al-Jolani), le hantoiscigh Ioslamacha a fuair tacaíocht suntasach ón Tuirc i dtaobh airgid, oiliúna, armlóin agus eile, agus bhí siad mar chuid de chomhghuaillíocht frith-Baath. Bhí tacaíocht mhór freisin do na hantoiscigh Ioslamacha ó na Stáit Aontaithe, ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc agus ón Araib Shádach go háirithe.

Grianghraf: Reuters
Bunaíodh Rojava le linn Chogadh Cathartha na Siria nuair a leathnaigh na Coirdínigh amach óna gceantar dúchais i gcúinne oirthuaidh na Siria timpeall ar chathair Hasakah, agus chuir siad réimeas i bhfeidhm sa taobh thoir thuaidh den tSiria ar bhruach clé na hEofraite, áit ina bhfuil Arabaigh ina mhramh. Fuair siad cabhair shuntasach ó na Stáit Aontaithe leis an réimeas seo a bhunú, go háirithe nuair a chuir siad ISIS as cumhacht le linn 2015 agus 2016. Chomh maith leis sin, bhí an chuid is mó d’acmhainní ola agus ábhair sa chuid seo den tír agus ghoill sé go dona ar rialtas Assad roimhe a bheith gann ar na hacmhainní seo.
Ach tá cúrsaí athraithe anois. Tá na Turcaigh ag tabhairt cúnamh suntasach míleata d’fhórsaí rialtas na Siria (HTS) le dróin chogaidh agus na Meiriceánaigh ag aontú leis seo go tostach anois nach bhfuil mórán feidhme le baint acu as a n-iarchomhghuaillí Coirdíneacha.
Tá an chuid is mó de shaineolaithe míleata ag tuar go mbeidh an lámh in uachtar ag rialtas na Siria agus gach seans go ngabhfaidh siad seanchríoch na Siria ina hiomláine, fiú ceantracha ina bhfuil na Coirdínigh i móramh an phobail agus iad cleachtaithe le cuid mhaith blianta d’fhéinriail anois. Más léir an ghearleanúint a imríonn rialtas HTS ar mhionlaigh cosúil leis an bpobal Alabhaíteach i gCúige Latakia san iarthuaisceart, is cinnte go bhfuil drocham i ndán do na Coirdínigh san oirthuaisceart mura mbeidh siad in ann a bhfód a sheasamh
Ní hé seo an chéad uair ar ndóigh a d’fhág cumhachtaí an Iarthair na Coirdínigh san fhaopach. Tharla an rud céanna le Comhaontú Sykes-Picot sa bhliain 1916, agus arís nuair a thréig an tIarthar iad tar éis iad na Coirdínigh a ghríosú san Iaráic éirí amach i gcoinne rialtas Saddam Hussein in 1991.