Tá an rialtas ag iarraidh deireadh a chur leis an nglas triarach

Impleachtai móra do pholasaí neodrachta an stáit

Eoin Ó Murchú 

Tá an rialtas i ndiaidh cinneadh a thógáil le hiarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an nglas triarach in ainneoin cur i gcoinne láidir ó pháirtithe uile an fhreasúra.

Faoin nglas triarach níl cead ag rialtas na hÉireann níos mó ná dáréag saighdiúirí a chur thar sáile ar mhisean ar bith gan cinneadh an rialtais, gan cead ón Dail agus gan sainordú ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Tugadh an riail isteach in 2001 i ndiaidh reifreann ar Chonradh Nice nuair a vótáil móramh i gcoinne an Chonartha. Shocraigh an rialtas agus an Eoraip go mbeadh an dara reifreann ann, agus ar mhaithe le buairt na phobail faoi chur isteach ar neodracht na tíre ag an gconradh sin rinneadh forógra in Sevilla a d’aithin nach mbeadh Éire páirteach in aon chomhpholasaí cosanta agus go mbeadh an glas triarach ann le sin a chinntiú.

D’éirigh leis an rialtas sa dara reifreann leis an ngealltanas sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.