Spéic na Girsí, caibidil 9.1

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Ré Ó Laighléis

Caibidil 9 (Cuid 1)
Reiligiún agus Creideamh

Tá Daire díreach ar tí éirí dá cathaoir chun filleadh ar an micreafón nuair a thagann cathaoirleach na hoíche a fhad léi. 

“Duine den lucht éisteachta a tháinig chugam leis seo i rith an tsosa,” ar sé, agus síneann sé bileoigín fillte chuici. Ansin, ar ais leis go dtí a áit féin ar stáitse. Íslíonn Daire a súile, osclaíonn agus léann an nóta atá faoina dearc: ‘A aoichainteoir, a chara, ar mhiste leat do chuid smaointe ar chúrsaí reiligiúin agus creidimh a roinnt linn?’ Filleann sí an nóta athuair agus druideann leis an micreafón. 

“A chairde, anois díreach atá nóta curtha faoi mo bhráid ag iarraidh orm labhairt ar chúrsaí reiligiúin agus creidimh, agus, más cuma libh mé á dhéanamh sin, is air sin a labhróidh mé anois.”

Ní chloistear aon chur ina choinne sin ag duine ar bith sa chomhthionól. 

“Is ábhair mhóra réimsiúla iad an Reiligiún agus an Creideamh, agus ní haon saineolaí mé ar cheachtar acu. Ach oiread le gach aon duine agaibh féin, is dócha, tá smaointe agam ina dtaobh, agus is iad sin amháin a bheadh agam le roinnt oraibh. Meanmanra an tuata atá agam ina dtaobh, ’s gan ann ach sin. Ach b’fhacthas dom i gcónaí, ón uair ba pháiste mé, go raibh difríocht an domhain mhóir ann idir Reiligiún agus Creideamh agus nach bhfuil de ghaol eatarthu an lá is fearr riamh ach go gcaitear le chéile iad ar mhaithe le háisiúlacht. Áisiúlacht institiúide, ar uairibh, b’fhéidir. Áisiúlacht na sochaí, ar uairbh eile.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.